Saturday, August 23, 2014

Tá sé ag teacht...



...tá sé anseo cheana féin, mar Fhómhar. Cá ndeachaigh an Samhradh?! 

4 comments:

Dennis King said...

Thug mé faoi deara an lá cheana go raibh beagán dá bholadh le brath ar an aer ar maidin. Ach is maith liom an fómhar.

Anonymous said...

A thuilleadh le teacht anseo: na sútha craoibhe díreach ag aibiú, na mealbhacáin uisce agus na cantalúip ar a ndíchill an mhilseacht chuí a shroicheadh, trátaí ag tál fós cé gur shroich siadsan an bhuaic coicís ó shin. Inniu cuirfear síl leitís, cairéad, pis agus biatas, mé ag dul sa seans leo seo, ar ndóigh, ach féach gur beag í an infheistíocht ach gur mór é an barr má bhíonn an t-ádh liom.

Réaltán Ní Leannáin said...

ag leanstan sampla Sheáin Ó - ag cur cúpla síol inniu! Lá brea meirbh anseo ach ta na hoícheanta fuar cheana. Geimhreadh ag bagairt!

Mise Áine said...

@ Dennis

Is maith liomsa é, freisin.

@ SeanO

Go n-éirí leat!

@ Réaltán

Deas thú a fheiceáil arís, an tseachtain seo caite, a chara..:-)