Sunday, July 13, 2014

Focail Féilire

Titeann fíorchara isteach leat, ní amach. 

A true friend falls in with you, not out. 

Uaimse an dá sheanfhocal nua thuas, a léitheoirí, ach is féidir seanfhocail eile, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, cinn a bhaineann le cairdeas, a fheiceáil ag bun na blagmhíre seo; agus giota beag faoi mo chairde féin anseo.

Ar ndóigh, tá cairde eile ann, daoine a tháinig isteach i mo shaol le blianta beaga anuas, duine nó dhó acu a bheidh ag léamh na blagmhíre seo, agus beidh a fhios acusan go bhfuil a fhios agamsa go mbeinn caillte gan a dtacaíochtsan, freisin. 

Céard a dhéanfaimis gan ár gcairde, a léitheoirí?!

2 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

:-) Mí Lúnasa. Do Theach. Buidéal fíon ar an tábla.

Mise Áine said...

Beidh sé ansin, ar an mbord, ag fanacht ort..;-)