Tuesday, April 1, 2014

RTÉ Ag Glaoch Orm

Bhuel, a léitheoirí, bhí mé as baile le seachtain anuas, agus céard a bhí romham nuair a d'fhill mé inné, ar an ngléas freagartha anseo sa bhaile, ach teachtaireacht ó RTÉ! Níl a fhios agam cén chaoi ar éirigh leo greim a fháil ar m'uimhir bhaile, ach rinne mé píosa leo cheana, agus is dócha go bhfuil m'uimhir sa chóras áit éigin acu - fonn a dhéanfas fiach, seans. 

Pé scéal é, dar le hÚna, an bhean lenar labhair mé ar an bhfón, bean atá ag obair ar an gclár The Voice of Ireland, agus bean ag a raibh neart Gaeilge, bail óna Cé uirthi (cé nár chuala mé an sloinne sin s'aici, Seach, riamh roimhe), tá siad ag iarraidh go mbeadh ar a laghad amhrán amháin as Gaeilge ar an gclár, don bhabhta ceathrú ceannais, clár a bheas ar siúl i lár na míosa seo. 

Táim féin den bharúil gur bhain an lá úd, Dearg le Fearg, geit astu i RTÉ, agus chuile sheans nach bhfuil siad ag iarraidh fearg a chur ar an dream a bheas i mBéal Feirste ar an 12ú den mhí seo, ach oiread. 

Ar aon nós, baineadh geit nach beag asam féin, caithfidh mé a rá, a léitheoirí, nuair a luaigh sí go raibh siad ar an eolas faoi mar ar éirigh le m'amhrán nuachumtha i gcomórtas Ros na Rún/Raidió na Gaeltachta an bhliain seo caite, agus d'iarr sí orm an mbeinn sásta amhrán nua a scríobh don chlár The Voice, chomh luath agus is féidir, le go mbeadh deis ag na hiomaitheoirí an t-amhrán a chleachtadh in am, agus i gceart, don bhabhta ceathrú ceannais.  

Bhuel, bhreith mé ar an bhfaill, mar a thuigfeá, a léitheoir! Thapaigh mé mo dheis, agus dúirt mé léi go mbeadh amhrán i nGaeilge aici roimh dheireadh an lae. Agus, rinne mé amhlaidh. Ainm an amhráin? 

♫♪♫   Chreid an tAmadán Mé.   ♫♪♫ 

Bígí ag faire, a léitheoirí, agus bainigí sult as an lá. 

2 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

wú-hú!!!!!

Mise Áine said...

Úna Seach nó dhó eile thart, ceapaim, a Réaltán..;-)