Thursday, April 17, 2014

Comórtas Filíochta

Comórtas nua ar an bhfód, a léitheoirí, ón Free Wee Library Project anseo i mBun Cranncha, agus tá an scéal le scaipeadh, mura miste libh, ar aon duine a mbeadh suim acu dán/dánta, i nGaeilge nó i mBéarla, a scríobh (páistí nó daoine fásta), le páirt a ghlacadh sa tionscadal iontach seo. 

Tá rialacha agus treoirlínte an chomórtais le léamh anseo (Béarla agus Gaeilge), agus tá tuilleadh eolais faoin Free Wee Library Project le léamh ar shuíomh Facebook an FWLP anseo, ón Derry Journal anseo, ón BBC News anseo

Is féidir éisteacht leis an méid atá le lá ag an scríbhneoir Frank Mc Guinness faoin Free Wee Library Project anseo, agus ar an gclár Nationwide ar RTÉ anseo (ag 8:00 ar an gclár). 

Spriocdháta taiscthe: 30 Bealtaine 2014. 

Comórtas Filíochta
an Free Wee Library
2014

Comórtas Filíochta do Dhaoine Fásta agus do Pháistí

Béarla agus Gaeilge

Bronnfar duaiseanna ar an 1ú agus an 2ú háit do dhánta i mBéarla, agus ar an 1ú agus an 2ú áit do dhánta i nGaeilge, sna catagóirí seo a leanas, 

Daoine Fásta:  
1ú Duais    €150 + 250 cóip den dán buacach, priontáilte mar ribín marcála, le dáileadh ar fud an FWLP.
                          
2ú Duais    €75 + 100 cóip den dán buacach,  priontáilte mar ribín marcála, le dáileadh ar fud an FWLP.

Páistí:

Os cionn 10:  
1ú Duais    €30 + 100 cóip den dán buacach, priontáilte mar ribín marcála, le dáileadh ar fud an FWLP.
2ú Duais    €15 +  dhá dhearbhán leabhar.

Faoi 10:        
1ú Duais    €20 + 100 cóip den dán buacach, priontáilte mar ribín marcála, le dáileadh ar fud an FWLP.

2ú Duais    €10 +  dhá dhearbhán leabhar. 

3 comments:

Gaeilge, Gaeilge, Gaeilge..... said...

Haigh,

Cathain a fhoilseofar na dánta a raibh rath orthu?Ag tnúth go mór le hiad a léamh!

Gaeilge, Gaeilge, Gaeilge..... said...

Cathain a fhoilseofar na dánta a raibh rath orthu? Ag tnúth go mór le hiad a léamh!

Mise Áine said...

https://www.facebook.com/freeweelibraryproject

Féach an nasc thuas, a chara!