Sunday, March 2, 2014

Neadió Teilifís Áine

Mar is eol daoibhse a bhíonn ag sciorradh isteach chuig mo bhlag go rialta, bhí mé gnóthach anuraidh ag coinneáil súile ar na meantáin a bhí ag teacht agus ag imeacht ó mo theachín éan anseo i gCeann Scríbe. Is féidir na físeáin éagsúla a chuir mé le chéile anuraidh a fheiceáil ar YouTube anseo, más mian libh breathnú orthu. 

Mar a fheicfidh sibh, ó mo bhlagmhíreanna ar an ábhar, thosaigh na meantáin ag bualadh isteach chuig an teachín éan timpeall an ama seo anuraidh agus arú anuraidh, mar sin níor chuir sé ionadh ar bith orm meantán gorm a fheiceáil istigh sa teachín éan maidin inné, díreach sula ndeachaigh mé chuig na cainteanna ag Éigse Cholm Cille, i nDoire. 
Ar ndóigh, is ar an teilifís a bhí an radharc thuas le feiceáil agam, mar is iondúil, ó tharla an ceamara infridhearg atá istigh sa teachín éan ceangailte le teilifís na cistine. Bhain mé an-sult as mo bhricfeasta, ag breathnú ar an meantán gorm ag teacht agus ag imeacht le sopachán. 

Isteach liom chuig an Éigse, ach ar m'fhilleadh dom aréir, baineadh geit asam, nuair a chonaic mé an radharc seo thíos romhan ar scáileán na teilifíse sa chistin...
...mo mheantán gorm agus an sopachán uilig imithe! Cá ndeachaigh siad? Bhreathnaigh mé ar Shióg. Bhí an chuma air nach raibh baint ar bith ag an gcat bocht leis an scéal. Ansin, céard a chonaic mé, fágtha ar an urlár romham, ach bosca, agus é folamh!
Sea, a léitheoirí - tá teachín éan nua crochta ar chúl an tí anois, agus tá Sióg ag, ahem, coinneáil súile air. Bhí táirge an bhosca ar an mbord le coicís anuas, ag fanacht go bhfaigheadh sé aire agus ardú ón nGarraíodóir, rud a tharla inné, i ngan fhios dom, nuair a bhain An Garraíodóir anuas an sean teachín éan, agus chroch sé an ceann nua ina áit.  
Mo mheantáinín bocht. An dtiocfaidh sé ar ais? Níl a fhios agam, a léitheoirí, ach má thagann, beidh na grianghraif uaim daite an bhliain seo, ó tharla ceamara daite sa teachín nua, rud nach raibh sa seancheann. Beidh le feiceáil, a chairde na n-éan. 

4 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

cé mhéad bliain a bhfuil Neaidió aine ar siúl agaibh anois?

Mise Áine said...

Seo an triú bliain as a chéile agam ag obair ar NTÁ, a Réaltán.

Páirtí m'iníne a thug an chéad teachín éan dúinn, mar bhronntanas Nollag tráth den saol, agus caithfidh mé a rá gur iontach an féirín é - seó teilifís réaltachta dár gcuid féin againn ó Mhárta go Meitheamh, agus é chomh nádúrtha leis an, ahem, aimsir!

Anonymous said...

Tá foraois cheart agaibh sa gcúlgharnraí! Is sibhse a bheas in ann an éanlaith a mhealladh!

Mise Áine said...

@ an éanlaith a mhealladh

Tá súil agam go mbeidh, a Lawrence, ach níl dé(an) ná deatach ag teacht ón teachín nua fós..:-(