Friday, March 28, 2014

Lá Lus an Chromchinn 2014

Ó tharla gurb é inniu an lá atá ann, a léitheoirí, chinn mé go roinnfinn pictiúr nó dhó libh, ar maidin, agus go n-inseoinn daoibh go bhfuil bealaí eile ann inar féidir libh tacaíocht a thabhairt do Chumann Ailse na hÉireann inniu, seachas féinphic-gan-smideadh a thógáil, mar shampla. 

Is féidir libh téacs a sheoladh chuig 50300, leis an bhfocal DAFF scríofa i gcorp an téacs, agus gheobhaidh CAÉ €4 eile a chuideoidh go mór leo; nó téigh isteach chuig suíomh s'acu anseo, go bhfeice sibh na bealaí eile inar féidir libh cúnamh agus tacaíocht a thabhairt don charthanas seo. Maith sibh!
 Coinnigh súil ar do chúl!

 Ara, níl ann ach mise, a stór..:-)

 Haigh, a leaids...tá an ghrian aimsithe a'm!

Caithfidh mé imeacht agus mo thacaíocht a thabhairt do CAÉ, anois díreach...

Tuilleadh eolais faoin mbláth le fáil anseo, más mian libh cúpla leagan eile den ainm lus an chromchinn a léamh, a chairde. 

2 comments:

Unknown said...

Nach álainn iad na bláthanna! : )

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a April!