Monday, March 10, 2014

Féile Pan Cheilteach 2014 - Na Torthaí!

Na hIomaitheoirí
Na Moltóirí
Mícheál Sands, Aonghus McAnally, Gráinne Ní Fhiannachta
Na Buaiteoirí 
Sa chéad áit, duais €1000 buaite acu, bhí Scoil Chríost Rí, Inis, Co. an Chláir, amhrán uimhir 10, Seán Bán Abú!, amhrán atá le cloisteáil ar suíomh s'acu anseo

Sin é David Wilkinson as IMRO ag bronnadh an tseic orthu; IMRO, i gcomhar le Gael Linn agus Glór Cheatharlach, a rinne urraíocht ar an gcomórtas. 
Sa dara háit, duais €200 buaite aige, bhí mo chomhbhlagálaí, ón mblag CeolBaile, Marcus Mac Conghail, amhrán uimhir 13, Ar Fithis. Bhí sé iontach deas bualadh le Marcus, faoi dheireadh, agus tá súil agam go mbeidh deis againn bualadh le chéile arís, am éigin amach anseo.
Sa triú áit, duais €100 buaite aige, bhí Dara Ó hÉatún, amhrán uimhir 11, Imithe Uaim.
Bhain Patrick Conneely, comhchumadóir agus amhránaí amhrán uimhir 5, Scáth ar Uisce, duais ar leith do chumadóirí faoi 17. 

Sin í Bean an Tí, Bríde de Roiste, bean atá ar choiste Glór Cheatharlach agus bean atá ar dhuine de stiúrthóirí na Féile, sa ghrianghraf leis.  

Cé nár éirigh le m'amhrán féin, Imirce, aon duais a bhaint ar an oíche, bhain mé an-sult as an gcraic uilig. 
Tháinig an grúpa thuas, Tráthúil, ar an bhfód, ahem, tráthúil go leor, le m'amhrán a chasadh ag an bhféile, agus táim iontach buíoch den cheathrar acu - Michael Farren, Helena Bradley, Declan Bradley agus Angela Tourish - as an méid oibre a rinne siad ar mo shon, agus as an jab álainn a rinne siad ar an amhrán. Mo cheol iad!

Mo bhuíochas, freisin, le hEmma Uí Bhroinn, stiúrthóir na féile, le baill na gcoistí éagsúla, agus leis na hurraitheoirí éagsúla, as an obair a rinne siadsan le cinntiú go mbeadh deis againne, scríbhneoirí na n-amhrán Gaeilge, amhrán nua a chumadh agus a chraoladh ag an gComórtas Náisiúnta Amhrán Pan Cheilteach 2014.  

Sa chúlra ag an gcomórtas, ag obair go dian ar an oíche, bhí Ollie Hennessy, fear a bhí ina Stiúrthóir Ceoil ar an oíche, le cúnamh ó Stephen Corry (fuaim) agus ó Frank McGing (taifeadadh). 

Bhí an comórtas ar siúl sa Seven Oaks Hotel i gCeatharlach, áit ar fhan mise agus an grúpa, agus áit ina raibh foireann chairdiúil chuidiúil romhainn, is cuma cá ndeachaigh muid san óstán - fáiltiú, bialann, beár, seomraí. Ba léir domsa gur thuig lucht oibre an óstáin sin an tábhacht a bhaineann leis an gcliant a choinneáil sásta - maith sibh uilig!  

Guím gach rath ar bhuaiteoirí an chomórtais náisiúnta, Daltaí Rang VI Scoil Chríost Rí, Inis, ag casadh Sean Bán Abú! (Jó Mag Fhearadhaigh & Karen Vaughan a chum) - go n-éirí go geal leo ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2014, i nDoire, 22-27 Aibreáin. Tá clár na féile sin le léamh anseo. (pdf, 3.86MB)

Cúpla grianghraf eile a thóg mé ar an oíche, a léitheoirí, 
Mise agus Aonghus McAnally
'Tráthúil' sa Seomra Glas 
Fear agus Bean a' Tí, John McDarby agus Bríde de Róiste
Mise, Marcus (CeolBaile) agus Rónán
Enda Reilly, Rónán, Marcus (Ar Fithis)
Irene Cunningham (Damhsa ar an Sean Nós)
Ceoltóirí Cheatharlach ar an Ardán
Irene Cunningham (Damhsa na Scuaibe) 
David Wilkinson (IMRO) le Bríde de Róiste agus An Seic
Príomhamhránaí Sean Bán Abú!
Foireann Brí - an seisear acu - Brídín Carr ar dheis.

Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil le Brídin Carr agus le Foireann Brí (grúpa eile as Dún na nGall, an grúpa a chas an t-amhrán álainn Ar an Oileán ag an gcomórtas) as an gceol agus as an gcraic iontach a chuir siad ar fáil dúinn sa forhalla tar éis na hócáide - ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar bhur gcuideachta, a chairde. Bhí sibh thar barr. 

2 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

nárbh iontach an oiread sin amhrán bheith istigh ar an chomórtas - comhartha sláinte! Mór an trua nar bhain do cheannsa (arís) i mbliana ach beidh lá eile ag an Durkin! :-)

Mise Áine said...

Iontach, go deimhin, a Réaltán!

Beidh aríst ann, a chara..:-)