Thursday, February 27, 2014

Nílim Dearg le Fearg...

...ach, mar atá le feiceáil, bhí mise, le mo phlaiceard, ag siúl liom i mBaile Átha Cliath, ar Lá Mór na Gaeilge, beagnach coicís ó shin. Bhí an aimsir go hálainn, agus d'ardaigh sé mo chroí an oiread sin daoine a fheiceáil ag ceiliúradh na teanga, an teanga is ansa liom féin. 

Níor chuir mé 'dorn san aer' mar a rinne go leor daoine eile; b'fhéidir go mbaineann sé sin le m'aois, nó le mo mheabhair, ach samhlaím go bhfuil rud éigin trodach ag baint le dorn. Bíodh mé ceart nó mícheart faoin méid sin, bhí mise ansin le mo thacaíocht a thabhairt do chearta mo theanga, i mo bhealach féin, agus sin mar a rinne mé.   

Thug mé faoi deara fógra nó dhó eile ar an mórshiúl, cinn nár bhain beag ná mór le Lá Mór na Gaeilge, cheap mé féin. Is dócha go dtapaíonn lucht-feachtais-eile an deis, nuair atá slua agus ceamaraí thart, lena dteachtaireacht féin a chraoladh, fiú mura bhfuil baint ag a bhfeachtas/bhfógra le hócáid an lae. Tá an ceart sin acu, go deimhin, cé go mb'fhearr liomsa gach rud a fheiceáil ina am agus ina ionad féin. 

Ach, nílim feargach faoi sin, ach oiread. Níl fonn orm bheith conspóideach faoi mo theanga dhúchais, nó faoi fheachtas aon duine eile. Níl uaim ach go mbeadh na cearta céanna agamsa agus atá ag lucht labhartha an Bhéarla sa tír seo; níl uaim ach aird dhearfach an phobail a chothú i leith na Gaeilge, ach, ag an am céanna, tá mé ag iarraidh neamhaird an rialtais ina leith a thabhairt chun solais. Sin mo mhian, agus sin a thug mise, le mo phlaiceard, go Baile Átha Cliath an lá úd. 

Nárbh fhearr i bhfad an Ghaeilge a bheith le feiceáil ar bhealach atá tarraingteach, cairdiúil, tacúil, cuidúil, spraíúil, spreagúil, sa chaoi nach mbeidh gá le cártaí fearacht an chárta seo a leanas, cárta, ahem, dearg a cheannaigh mé inné, in Aldido Lá Fhéile Pádraig, 

 Lena cheart a thabhairt d'Aldi, a léitheoirí, tá an cárta sin de dhéantús Éireannach faoi ráthaíocht. Caithfear gach ceart a chosaint. Caithfear bheith féaráilte. Sin a bhfuil uaim.