Saturday, February 8, 2014

Aimsir Chrua...

                                       ...tráth a mbíonn an cat in aice na tine.

Seanfhocal é sin ón leabhar Seanfhocla Chonnacht - is léir nach raibh suim dá laghad ag Sióg s'againne sa chluiche, cluiche a bhain leaids s'againne, gan stró ar bith, inniu. Wúhú! 

Seanfhocal nó dhó eile, as an leabhar céanna,

Mara dtaitníonn an  drochaimsir leat, is é a bhfuil de leigheas agat air, déan thú féin níos fearr í. (Aimsear)

Tagann sé gan cuireadh gan iarraidh, ar nós na drochaimsire. (Aimsear)

Tá sé chuile áit, mar an drochaimsir. (Aimsear)

Is olc an t-éan a bhíos i gcrann lá fliuch. (Faillí)


2 comments:

ormondo said...

Seans go bhfuil deireadh na dúluachra sa rugbaí tagtha le Joe Schmidt. Ar aon nós, faoiseamh agus áthas orm inniu mar gheall ar an sárchluiche a d'imir na hÉireannaigh.

Réaltán Ní Leannáin said...

níl trácht ar bith ar na 'thermals' i Seanfhocla Chonnacht?