Sunday, January 12, 2014

Focail Liom Focail Leat

Mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, ó am go chéile tá sé de nós agam, à la Style Invitational, focal nua a chumadh as focal eile. Déanaim é, gan ach litir amháin a athrú sa sean fhocal, mar atá luaite sna rialacha ar an leathanach sin thuasaibhsithe. Feicfidh sibh, ar an leathanach sin, sampla nó dhó den rud atá i gceist agam, a chairde.

Cibé scéal é, bhí mé ag smaoineamh faoin bhfocal sin iasacht, é i gceist agam an litir c a chur leis, le focal nua, mar a cheap mé féin, a chumadh as: iascacht. Bhí sé i gceist agam, freisin, an sainmhíniú nua seo a leanas a thabhairt dó, 

Iascacht:  Rud a sciobtar as áit iasachta, é in ainm a bheith gan dochar; rud a choinnítear, mar dhea, ar mhaithe leis an áit ina lonnaítear é. 

Bhí sé i gceist agam sampla nó dhó a thabhairt, samplaí fearacht iascacht morgáiste, teanga iascachta, ach, sula raibh deis agam méar a fhágáil ar mhéarchlár le mo dhroch-chumadh a roinnt libh anseo, a léitheoirí, céard a chonaic mé, agus mé ag útamáil liom thart ar an idirlíon ar maidin, ach sampladhótrí (cáil tú, a Bhlagarama!) den fhocal, agus é in úsáid ag daoine eile cheana, is cosúil.

Bhuel, baineadh geit asam, caithfidh mé a rá, mar nach raibh mé féin ar an eolas faoin bhfocal sin iascacht roimhe seo, ach táim ag foghlaim liom, mar is iondúil; is eol dom, go rómhaith, gur iomaí focal nach bhfuil ar eolas agam, agus is maith ann na focail iascachta, nach gceapfá. 

Ar aon nós, agus mé ag útamáil liom ar an idirlíon ar maidin, baineadh geit eile asam, nuair a chonaic mé, anseo (pdf), faoin bhfotheideal 'Dlíthe Baoth', atá faoin gceannteideal 'Úsáid do Theanga' ar an leathanach sin, 

'I Utah, tá sé I gcoinne an dlí bheith ag iascacht is tú in airde ar chapall.'

Bhuel, arsa mé féin liom féin, beidh dream thall agus abhus nach mbeidh ar an eolas faoin dlí sin, ach oiread liom féin, agus b'fhéidir go mba chóir domsa iadsan, agus Mícheál Ó Nuanáin, a chur ar an eolas faoi, ar fhaitíos na bhfaitíos go mbeadh aon duine acu ar thóir iascachta am éigin go luath.  

Meas tú an bhfuil capall ag Mícheál...

6 comments:

Unknown said...

TMAG : )

aonghus said...

Malairt leagan ar iascaireacht atá ann, nach ea?

Tá an nath eile ann ar ndóigh, rud a fháil ar iasacht - ní gá gur rud coimhthíoch a bheadh ann!

aonghus said...
This comment has been removed by the author.
Mise Áine said...

@ April

Bhí mise AG, freisin, agus mé á scríobh..:-)

@ Aonghus

@ malairt leagan - ghlac mé leis gurb ea, agus thuig mé é sin, a chara - ag spraoi leis an bhfocal a bhí mé..:-)

@ ní gá gur rud coimhthíoch a bheadh ann!

Thuig mé é sin, freisin..;-)

ormondo said...

"Meas tú an bhfuil capall ag Mícheál..."

Ní fheadair, ach is ar an "gcapall ard" a bheidh sé amach anseo...


Aire airgeadais na bliana? Is fiú breathnú ar an dream a gcuireann sé lúcháir orthu...

Mise Áine said...

@ ar an gcapall ard

Neart daoine thuas orthu sin, a Fhearghuis!