Wednesday, December 4, 2013

Ná hAbair É!

Ó tharla go bhfuilim ag streachailt liom le slaghdán na laethanta seo, gan fonn orm aon cheo a dhéanamh nuair atá neart le déanamh, mar a déarfá, thosaigh mé ag útamáil liom ar an idirlíon ar maidin, ar mhaithe le rud éigin a dhéanamh, an dtuigeann sibh. 

Pé scéal é, ó tharla sibh uilig i mo smaointe ar maidin, agus ó tharla gur léigh mé faoin ábhar ar an idirlíon anois díreach, chinn mé go roinnfinn an, ahem, t-eolas-iontach-tábhachtach-seo-a-leanas libh, sa chaoi nach ndéanfaidh sibh, tá súil agam, praiseach iomlán d'aon chaidreamh um Nollaig seo:

na nithe nár chóir duit a rá le do pháirtí, más fear é, anseo, (is maith leis na nithe seo a chloisteáil, deirtear), agus na nithe nár chóir duit a rá le do pháirtí, más bean í, anseo. Is maith léi na habairtí seo a chloisteáil, más fíor. 

Tá sibh curtha ar bhur n-aire anois, a léitheoirí - go n-éirí go geal libh!

3 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

;-)

Indrek said...

Go gtaga biseach ort, a Áine!

Seo chugaibh dhá rud eile nár chóir d'fhear a rá lena bhean chéile agus í ag tabhairt páiste ar an saol: 1) An bhfuil pian ort, a stór? 2) Ná bac leis an eipeadúrach, ní theastaigh sé ó mo mháthairsa.

Ó bhean ghlúine a fuair mé an deachomhairle sin agus mé ag freastal ar chúrsa réamhbhreithe in éindí le mo bheansa.

Mise Áine said...

Feabhsaithe go mór, go raibh maith agat, a Indrek.

Agus, bhí an ceart ag an mbean ghlúine sin..:-)