Monday, December 9, 2013

Focail Liom Focail Leat

Bhí mé ag scríobh ríomhphost chuig cara liom, an lá faoi dheireadh, le mo bheannacht agus le mo, ahem, dhea-chomhairle a chur uirthi, len í a choinneáil ar bhealach a leasa, an dtuigeann sibh, ó tharla í ag dul chuig cóisir Nollag a hoifige an oíche dár gcionn, an dtuigeann sibh, agus céard a tháinig glan díreach amach ó mo mhéara ach,

'Don't overdo the sillybrations!'

'Aha!...' arsa mé féin liom féin, '...sin focal nua dom!' Ní raibh aon duine eile san oifig liom, ag an am, an dtuigeann sibh; bíonn orm labhairt liom féin, go minic, agus, go minic, is amhlaidh is fearr é, mar, go minic, ní bhíonn, ahem, ciall ná réasún le m'fhocail. 

Ach, mar is eol daoibh, a léitheoirí, bím ag-cumadh-liom, agus níor mhaith liom go mbeadh focal nua agam i mBéarla gan a mhacasamhail d'fhocal a bheith agam i nGaeilge. Mar gheall air sin, agus ó tharla aimsir an cheiliúrtha buailte linn, agus ó tharla nár mhaith liom go ndéanfadh aon duine agaibh, a léitheoirí, óinseacha ná amadáin díbh féin an Nollaig seo, seo chugaibh mo dhea-chomhairle ar maidin,

'Seachain an díchéilliúradh!'

9 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

an-oiriúnach!

Indrek said...

:) Tá sé sin go han-mhaith ar fad! Ba chóir go nglacfaí sa bhfoclóir é.

aonghus said...

Iontach! Is mairg an té an bhíonn díchlaonta ar ócáid mar é.

aonghus said...
This comment has been removed by the author.
Mise Áine said...

Go raibh maith agaibh!

@ díchlaonta

..:-)

Anonymous said...

Iontach!

Míshásta said...

Ana-mhaith.

an bhfuil aon suíomh nó téad ar an idirlíon gur féidir nuafhocail mas sin a chuir le chéile?

Mise Áine said...

Go raibh maith agat!

Mise Áine said...

@ suíomh nó téad

Níl a fhios agam, a Mhíshásta, ach tá siad le fáil ar an mblag seo, má bhrúnn duine ar an bhfocal 'nuafhocal' nó 'focail' nó 'nuachumtha' sna 'Labels' faoi na blagmhíreanna éagsúla a bhaineann le focail, idir shean agus nua; agus, ar ndóigh, tá 'Focail Féilire' agus 'seanfhocal' nó dhó le fáil anseo, freisin, agus ar mo sheanbhlag, miseaine.blogspot, más mian le haon duine iad a léamh..:-)

Nollaig Shona, a chara!