Sunday, December 15, 2013

Faoin gCrann Nollag

Mar a scríobh mé cheananí chreideann an tsúil ach an rud a fheiceann sí. 
An bronntanas is breátha...an féirín is fearr...tá tabhartas agam, gan dabht! 

4 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

seanfhocal nua agam féin - is mó stoca a ghintear ná a nitear. Ach nach deas galánta do chrann!

Míshásta said...

Briseann an dúchas fiú amhain ag aimsir na Nollag.

M'anam ach táir breá prapáilte roimh ré leis na bronntanais.

Mise Áine said...

@ Réaltán

Fíor..:-)

@ Míshásta

Téann an diabhailín sin isteach faoin gcrann chuile bhliain, um Nollaig, agus bíonn sé ina chodladh ansin, i ngan fhios dúinn, go minic.

Faraor, ní fhanann sé ina chodladh, ach déanann sé chuile iarracht na bronntanais a oscailt lena chrúba (cibé dúchas atá taobh thiar den nós sin!)agus bíonn na maisiúcháin caite ar fud na háite aige - ní féidir súil a choinneáil air!

Maidir leis na bronntanais, is duine eagraithe mé, a chara - níl aon leithscéal eile agam..:-)

Míshásta said...

Cá raibh an cat sa tigh seo neadaithe inniu? Creid é nó ná creid, ach istigh sa chruib. :)