Thursday, December 12, 2013

Builíní 's Billíní Beadaí

Siopadóireacht fuinneoige a bhí ar, ahem, bun agam i nGaillimh, an mhí seo caite, nuair a tháinig mé ar fhuinneog an Gourmet Tart Co.

Tharla sé go raibh mo cheamara i mo sheilbh agam ag an am, a léitheoirí, agus thóg mé na grianghraif seo a leanas le, ahem, blaiseadh beag den chathair álainn sin a roinnt libh anseo.  

 Ár n-arán laethúil.

 Croí an  scéil.

 An t-am i láthair. 

Nollaig Shona!

An scéal iomlán. 

Seanfhocal nó dhó daoibh, a chairde, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht - d'eile!

Is fearr poll ar an arán ná poll ar an bputóg. (Beatha)

Ní féidir leat do bhuilín a bheith agat agus é a ithe. (Comórtas)

Caith an builín ó t-ascaill agus cuir do lámh ghearr i bhfad. (Deis)

An té a thóigeas an builín den chlár, is é a chaithfeas íoc. (Fiacha)

Má cheannaíonn tú an builín, is féidir leat é a ithe. (Neamhspleáchas)

An té a shaothraíos an builín, is dó is córa an lán. (Saothrú)

An té a bhfuil builín aige, gheobhaidh sé scian a ghearrfas é. (Tosach)

4 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

gleoite mar phicanna!

Míshásta said...

Sin an teaspeántas fuinneoige is samhlaí a fhaca le tamaill. Ana-dheas.

Anonymous said...

An-álainn!

Mise Áine said...

Aontaím, a chairde..:-)