Monday, December 30, 2013

Rún ag Filleadh

Sea, an t-am sin den bhliain atá ann arís, a léitheoirí; deireadh bliana, le bliain úr ag teacht ar shála na seanbhliana, mar is iondúil léi - am na rún romhainn arís.  

Ní féidir í a sheachaint, an bhliain úr, ach amháin má fhaigheann tú bás, Dia idir sin agus an anachain. Mholfainn, b'fhéidir, é sin a bheith mar chéad rún agat, a léitheoir - sé sin le rá, an rún a bheith agat fanacht beo beathach, agus sláintiúil, más féidir é ar chor ar bith. Beidh arís ann, an dtuigeann tú, agus is é an dóchas lia gach anró, deirtear. 

Go deimhin, mar a scríobh mé ag tús na bliana, is iad na rúin chéanna a chuireann tús lenár ndea-rúin chuile bhliain, agus nach maireann i bhfad, go minic, cé go mbíonn muid i ndáiríre píre fúthu nuair a cheapann muid iad - tá an spiorad ullamh ach tá an cholainn fann, faraor. 

Sea, déanfaimid chuile iarracht, gan dabht, mar ní féidir iarracht a shárú, ach ritheann an smaoineamh liom féin, go minic, gur rud 'cumtha' é an féilire (bhí níos mó ná ceann amháin acu ann fadó) agus cén fáth, mar sin, an gcuireann muid an oiread sin strus orainn féin faoin mbliain úr mar, más fíor an méid a léim anseo, cumadh blianta úra úra riamh anall, agus ní féidir bheith cinnte cé acu an ceann ceart, an féidir?

Mar sin, mholfainn féin gan bacadh leis an strus, a chairde, ach lean ar aghaidh leis an gcraic, más mian libh, agus léigh na rúin atá molta acu ar happywink.org, faoi gceannteideal Funny New Year Resolutions

Maireann croí éadrom i bhfad. 

Monday, December 23, 2013

Beannacht


Beannachtaí na féile uaimse chugaibhse, a léitheoirí. 

Tá súil agam go gcaithfidh sibh bhur gcuid ama le cuideachta shultmhar, agus go mbeidh craic agus cairdeas romhaibh, cibé áit ina mbeidh sibh an Nollaig seo. Cúpla smaoineamh daoibh, as m'amhrán, Féile na Nollag

Guímid don pháiste a rugadh,
's don leanbh nár tháinig go fóill,
's dár bpáistí a d'fhág sinn róluath,
ina gcuimhne ardóimid ár nglór.

Do dhaoine atá ar an ngannchuid,
ag fulaingt, faoi chéasadh, i bpáis,
seolfaimid cúnamh is beidh muid
'cur síolta ár ngrá dhóibh ag fás.

Níl muide 'nár mbreitheamh ar éinne,
is cuma cén creideamh ná claon,
go maire ár gcineáltas daonna,
mar a bhíonn sé an t-am seo den bhliain. 

Bainigí sult as na laethanta saoire, a chairde. Beidh mé ar ais libh ar ball beag. 

Wednesday, December 18, 2013

Focail Féilire

An scoilt i ndifríocht an scoilt is fearr. 

The most important trip you may take in life is meeting people halfway. 

An leagan Gaeilge uaimse, agus an leagan Béarla ó Henry Boye, feictear dom. 

Seanfhocal nó dhó daoibh, a léitheoirí, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, mar a leanas, 

Is é leigheas an scéil é a ghlacadh sa réiteach. (Réiteach)

Ní théann rogha ón réiteach. (Réiteach) 

Cogadh carad, caoi namhad. (Eascairdeas)

Is minic a rinne an carthanas caraid mhaith den namhaid. (Eascairdeas)

Níl namhaid ar bith is measa do dhuine ná é féin. (Eascairdeas)

Ni ualach don cholainn ciall. (Ciall)

Deireadh gach cumainn scoilt, deireadh gach cogaidh síth. (Deireadh)

Tuesday, December 17, 2013

Bronntanas Uait?

An bhfuil bronntanais na Nollag le ceannacht agat fós, a léitheoir? 

Bhuel, ar fhaitíos go bhfuil tú faoi bhrú, gan leid dá laghad agat céard a cheannóidh tú, seo chugat smaoineamh nó dhó, le cuidiú leat.

Cosmaidí feamainne ó Rí na Mara



Gallúnach lámhdhéanta i gCo. an Chláir. 

Seodra ó Louise Spokes, déanta in Éirinn. 

Coinnle áille, a chonaic mé ag Margadh na Nollag i nGaillimh. 

Táirgí ó Sealed with Irish Love le Máire McKeogh i gCo. an Chláir

Gréithe poircealláin déanta i mBéal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall. 

Sunday, December 15, 2013

Faoin gCrann Nollag

Mar a scríobh mé cheananí chreideann an tsúil ach an rud a fheiceann sí. 
An bronntanas is breátha...an féirín is fearr...tá tabhartas agam, gan dabht! 

Thursday, December 12, 2013

Builíní 's Billíní Beadaí

Siopadóireacht fuinneoige a bhí ar, ahem, bun agam i nGaillimh, an mhí seo caite, nuair a tháinig mé ar fhuinneog an Gourmet Tart Co.

Tharla sé go raibh mo cheamara i mo sheilbh agam ag an am, a léitheoirí, agus thóg mé na grianghraif seo a leanas le, ahem, blaiseadh beag den chathair álainn sin a roinnt libh anseo.  

 Ár n-arán laethúil.

 Croí an  scéil.

 An t-am i láthair. 

Nollaig Shona!

An scéal iomlán. 

Seanfhocal nó dhó daoibh, a chairde, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht - d'eile!

Is fearr poll ar an arán ná poll ar an bputóg. (Beatha)

Ní féidir leat do bhuilín a bheith agat agus é a ithe. (Comórtas)

Caith an builín ó t-ascaill agus cuir do lámh ghearr i bhfad. (Deis)

An té a thóigeas an builín den chlár, is é a chaithfeas íoc. (Fiacha)

Má cheannaíonn tú an builín, is féidir leat é a ithe. (Neamhspleáchas)

An té a shaothraíos an builín, is dó is córa an lán. (Saothrú)

An té a bhfuil builín aige, gheobhaidh sé scian a ghearrfas é. (Tosach)

Wednesday, December 11, 2013

YouTube 2013

Ar fhaitíos nach bhfuil cuid acu seo feicthe agaibh cheana, a léitheoirí, seo chugaibh na deich bhfíseán atá ar bharr an 'bhreathnaigh-daoine-ar-an-bhfíseán-seo-arís-is-arís-eile' cairt ar YouTube, sé sin le rá, Rogha 10 na bhFíseán ó YouTube 2013.  

Más mian leat dul glan díreach chuig na físeáin sin is fearr a thaitin le lucht leanúna na hÉireann, isteach leat ar an nasc seo. Más gáire atá uait, féach ar uimhir 4, How Animals Eat Their Food, agus mura miste leat na focail mhóra sin, breathnaigh ar uimhir 2, Sminky Shorts: Elephantnó caith súil ar Republic of Telly - You Know Your're Irish When...

Monday, December 9, 2013

Focail Liom Focail Leat

Bhí mé ag scríobh ríomhphost chuig cara liom, an lá faoi dheireadh, le mo bheannacht agus le mo, ahem, dhea-chomhairle a chur uirthi, len í a choinneáil ar bhealach a leasa, an dtuigeann sibh, ó tharla í ag dul chuig cóisir Nollag a hoifige an oíche dár gcionn, an dtuigeann sibh, agus céard a tháinig glan díreach amach ó mo mhéara ach,

'Don't overdo the sillybrations!'

'Aha!...' arsa mé féin liom féin, '...sin focal nua dom!' Ní raibh aon duine eile san oifig liom, ag an am, an dtuigeann sibh; bíonn orm labhairt liom féin, go minic, agus, go minic, is amhlaidh is fearr é, mar, go minic, ní bhíonn, ahem, ciall ná réasún le m'fhocail. 

Ach, mar is eol daoibh, a léitheoirí, bím ag-cumadh-liom, agus níor mhaith liom go mbeadh focal nua agam i mBéarla gan a mhacasamhail d'fhocal a bheith agam i nGaeilge. Mar gheall air sin, agus ó tharla aimsir an cheiliúrtha buailte linn, agus ó tharla nár mhaith liom go ndéanfadh aon duine agaibh, a léitheoirí, óinseacha ná amadáin díbh féin an Nollaig seo, seo chugaibh mo dhea-chomhairle ar maidin,

'Seachain an díchéilliúradh!'

Wednesday, December 4, 2013

Ná hAbair É!

Ó tharla go bhfuilim ag streachailt liom le slaghdán na laethanta seo, gan fonn orm aon cheo a dhéanamh nuair atá neart le déanamh, mar a déarfá, thosaigh mé ag útamáil liom ar an idirlíon ar maidin, ar mhaithe le rud éigin a dhéanamh, an dtuigeann sibh. 

Pé scéal é, ó tharla sibh uilig i mo smaointe ar maidin, agus ó tharla gur léigh mé faoin ábhar ar an idirlíon anois díreach, chinn mé go roinnfinn an, ahem, t-eolas-iontach-tábhachtach-seo-a-leanas libh, sa chaoi nach ndéanfaidh sibh, tá súil agam, praiseach iomlán d'aon chaidreamh um Nollaig seo:

na nithe nár chóir duit a rá le do pháirtí, más fear é, anseo, (is maith leis na nithe seo a chloisteáil, deirtear), agus na nithe nár chóir duit a rá le do pháirtí, más bean í, anseo. Is maith léi na habairtí seo a chloisteáil, más fíor. 

Tá sibh curtha ar bhur n-aire anois, a léitheoirí - go n-éirí go geal libh!