Wednesday, November 13, 2013

Tábhacht an Cheannteidil

Is cuimhin liom, roinnt blianta ó shin, nuair a scríobh mé blagmhír faoin gceannteideal Black Babe, chuir sé iontas orm an méid tráchta a tharraing sé isteach ar mo bhlag; gan sa mhéid a scríobh mé ach, ahem, scéilín soineanta faoi mo charr bocht. 

Ar maidin, nuair a chonaic mé, ar news.google.ie, ceannteideal ón Indo,  I'm not Roy Keane's father, he can say what he wants' (focail a dúirt Martin O'Neill, más fíor), bhuel, rith sé liom go mbainfeadh a leithéid de theideal geit nach beag as duine nó dhó, gan, ahem, trácht ar an ngeit a bhainfeadh sé as máthair bhocht Roy.

Pé, ahem, scéal é, tá seans ann go mbíonn na ceannteidil á scríobh ar an gcaoi sin chun léitheoirí a mhealladh - rud, ahem, nach ndéanfainn féin go brách, ar ndóigh - ach táim den bharúil go bhfuil ceannteideal nó dhó eile a scríobhtar agus d'fhéadfadh sé gur 'headlines gone wrong' atá iontu, mar a fheicfidh sibh ar an suíomh Gréasáin seo.

Go maire sibh an nuacht, a léitheoirí! 


5 comments:

Anonymous said...

Caithfidh sé gur cumadh cuid de na ceannteidil sin le haghaidh an imeartais fhocal atá iontu--jóc beag an iriseora agus an eagarthóra?

Indrek said...

Is é "líon na gcliceanna" an t-aon run a chomhaireann sa lá atá inniu ann. Mar sin, tá an ceart agat, a Áine, sa méid is gur ag iarraidh tuilleadh léitheoirí a mhealladh chuig an alt a bhí an t-iriseoir. Agus d'éirigh leis, de réir na cosúlachta, mar ní raibh neart agam air - b'éigean dom súil a chaitheamh ann freisin lena fháil amach cén tseafóid a bhí ar bun acu.

Mise Áine said...

@ jóc beag

B'fhéidir, a Lawrence, mar caithfear gáire a dhéanamh faoi na ceannteidil éagsúla, ó am go chéile..:-)

@ b'éigean dom súil a chaitheamh ann freisin

Sin muidne beirt meallta, a Indrek!

Réaltán Ní Leannáin said...

nach raibh ar an Sunday Indo leithscéal a ghabháil tamall gearr ó shin as bheith dímheasúil fá bhás dhuine éigin mar gheall ar imeartas focal sa cheannteideal? Sé sin, ní dhearna siad leithscéal ach bhí daoine ag gearáin

Mise Áine said...

@ Réaltán

Ní cuimhin liom é sin, ach ní hé sin le rá nár tharla sé, ach an oiread leis an leithscéal úd..:-)