Thursday, November 21, 2013

Greimfhocal

'Perfeck!' arsa mé féin liom féin ar maidin, nuair a d'éirigh liom péire stocaí a fháil as an drár (ní minic a bhíonn na stocaí ag meaitseáil, an dtuigeann sibh, agus bhí sé dorcha; leisce orm solas a lasadh sa seomra leapa, ar fhaitíos go ndúiseoinn é féin) ag an seacht a chlog ar maidin.

Anois, tá a fhios agatsa, agus agamsa, nach focal ceart é 'Perfeck!' ach is greimfhocal (catchphrase?) é a bhíodh ag Pop Larkin (David Jason) ar an tsraith teilifíse The Darling Buds of May fadó, agus d'fhan sé liom, mar ghreimfhocal, thar na blianta.  

An cuimhin libh The Riordans (1965-1979)? Bhuel, ar an sobaldráma sin, bhíodh sé de nós ag Tom Riordan (an t-aisteoir John Cowley) a rá lena bhean chéile, Mary Riordan (an t-aisteoir Moira Deady) 'That's a grand cup o' tea, Mary!' nuair a bhíodh blogam tae ólta aige. Bhuel, sin greimfhocal eile a d'fhan liom, agus is minic a déarfainn é, thar na blianta, nuair a bhíodh blogam bainte agam as mo chupán tae féin. 

I mbliana, baineadh geit nach beag asam, agus gáire, nuair a chuala mé an greimfhocal céanna ag teacht as béal mo mhic, nuair a bhí cupán tae á ól aige, i mo theannta anseo i gCeann Scríbe. Ar ndóigh, uaimse a chuala sé é, is dócha, mar nach raibh sé ar an saol, beag ná mór, nuair a bhíodh an clár á chraoladh ar an teilifís, fadó fadó fadó. 

Is gearr go mbeidh mo mhac ag pósadh, agus má bhíonn páistí aigesean, tá chuile sheans ann go gcloisfidh siadsan an greimfhocal sin uaidh, díreach mar a chuala seisean uaimse é.  Meas tú an mairfidh sé mar ghreimfhocal amach anseo agus, má mhaireann, an mbeidh a fhios ag páistí an todhchaí cé as ar tháinig sé?

Pé scéal é, cheap mé gur mhaith libh féin siúlóid bheag ar bhóithrín na smaointe, a léitheoirí, mar sin seo chugaibh liosta dár 'favourite Irish ad catchphrases' agus liosta eile de  TV's 60 Greatest Catchphrases.

Anois, who loves ya, baby? (#64 anseo)

4 comments:

Dennis King said...

An t-aon cheann a deirim ó am go ham ná
#63 “Well isn’t that special?”

Bhí "duh" agam roimh na Simpsons.

Indrek said...

Is maith liom an ceann "Who would have thunk it!", mar ba fuath liom na briathra neamhrialta agus mé ag foghlaim Béarla ar scoil.

Mo léan géar, ní bheadh aon "ghreimfhocal" agam i nGaeilge...

Mise Áine said...

@ Dennis

Táim den bharúil go raibh 'duh' ag go leor daoine roimh na Simpsons..:-)

@ Indrek @ greimhfhocal i nGaeilge

Céard faoin 'Haaaaa' sin atá ag Máirtín Tom Sheáinín!? Is minic é cloiste agam ó dhaoine eile, agus táim cinnte gur i nGaeilge atá an 'Haaa' sin..;-)

Indrek said...

:-) Go raibh maith agat, a Áine. Caithfidh mé éisteacht go cruinn leis an chéad uair eile mar sin!