Monday, November 4, 2013

Ar Mo Bhealach Abhaile...

...as Gaillimh, maidin inniu, bhí sé fuar dorcha ceomhar ar dtús, ach le gile na gréine, d'ardaigh an ceo, agus shroich mé Ceann Scríbe, gan stró.  
Bóthar na Trá sa dorchadas.
An promanád ar Bhóthar na Trá.
Solas na Maidine.
Ceo na Cille.
Gile na Gréine.

Slán Abhaile!

2 comments:

Anonymous said...

Pictiúir áille lán de atmaisféar.

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a Lawrence. Bhí an lá go hálainn, agus bhain mé sult as mo thuras abhaile - bhí na radhairc éagsúla go hálainn, de réir mar a bhí an ghrian ag éirí, agus ghiorraigh sí an bóthar dom.

Táim spíonta anois - bhí orm aghaidh a thabhairt ar Mhaigh Eo lá arna mhárach (inné) agus ar ais arís - sa dorchadas, agus i gcuideachta na báistí! Ah bhuel, sin an saol..:-)