Wednesday, October 16, 2013

Focail Féilire

Má tá am le caitheamh, caith ag obair é. 

If you want to kill time, try working it to death.

An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ó Sam Levonson, más fíor an méid a léigh mé anseo

Mar atá scríofa sa leabhar Seanfhocla Chonnacht

Is fearr obair ná caint. 

Déan obair, a chapaill, is gheobhaidh tú coirce. 

Is fearr déirc ná goid, is fearr obair ná déirc. 

Is fearr díomhaoineach ná obair in aisce.

Maidir leis an seanfhocal deireanach sin, chuir mé é san áireamh anseo mar ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi na focail sin 'in aisce.

Bhí an nath cainte 'saor in aisce' faoi chaibidil agam féin agus ag an Dómhnallach inné, mar a tharla sé, agus thugamar faoi deara go bhfuil an nath sin 'saor in aisce' cloiste ag an mbeirt againn go mion minic; ach tá an rud 'saor' nó tá sé 'in aisce' - ní féidir leis, mar sin, bheith 'saor in aisce' an féidir? 

5 comments:

aonghus said...

Is féidir.

Ní hionann saor agus gan chostas i gcónaí, ach is ionann saor in aisce agus gan chostas!

Obair in aisce áfach gach castacht sa chaint a thuiscint!

Jóc: cén difear idir "saor" ⁊ "in aisce"?

Saor a fuair mise m'oideachas, agus in aisce a fuair tusa é! ;-)

(Scéal grinn a chuala sa Ghearmáinis áit a bhfuil an focal umsonst débhríoch)

Mise Áine said...

Táim den bharúil, nuair atá 'saor' in úsáid gur 'ar ardaigh orm' atá i gceist .i. cheapfor half nothing agus ní dóigh go ndéarfadh duine it's cheap free ná fiú it's free free i mBéarla - tá sé 'saor' nó tá sé 'in aisce', ach chan an dá rud le chéile .i. 'saor in aisce' cheapfainn féin.

aonghus said...

Sampla údarásach ón gCorpas:
http://corpas.focloir.ie/

Tá breis acu ann!

Bhí eolas ag an Súilleabhánach ar áit a bhí in aice láimhe mar a bhfaighfeá tráth bia saor in aisce agus shocraíomar dul ann . -- Diarmaid Ó Gráinne, An Traimp

Anonymous said...

Bearna ama agat id shaol? Pladail siol,tor, crann. Ag deanamh aithris ar Dhia ata tu. Nil cumas aiceann ag mo Kindle.

SeanO


Mise Áine said...

Is iomaí 'sampla údarásach' léite agam, agus luaite liom, as leabhair éagsúla, a Aonghuis, ach ní hé sin le rá go n-aontaím leo uilig..:-)

@ Kindle

Is cuma, a Sheáin, mar thuig mé do sheanfhocal nua, go raibh maith agat!