Monday, September 16, 2013

Tomhais

Cuir cluas ort féin, a léitheoir, agus inis dom...
...cá mhéad asal atá taobh thiar den chlaí, meas tú? 

An mar a shíltear a bítear? Freagra agus fianaise uaim, go luath. 


******

An Fhianaise:
Trí cinn, b'fhéidir? Ní hea, a léitheoir, ach...

An Freagra:
...cúig cinn acu!

Na seanfhocail seo a leanas, faoin gceannteideal Eolas, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:

An rud nach bhfeiceann an tsúil, ní dhéanann an tsúil aon chol leis.

Ní fheiceann ach an té a shiúileas. 

Is caoch an caoch ar dhath. 

Agus, mar gur rith sé liom is mé ag breathnú ar na grianghraif thuas arís, seo ceann eile atá le fáil faoin gceannteideal Sástacht sa leabhar céanna:

Is maith an t-asal go dtaga an carr is an capall. 

7 comments:

Dennis King said...

Trí cheann a déarfadh an duine soineanta.

Anonymous said...

Dhá asal agus miúil amháin?

Mise Áine said...
This comment has been removed by the author.
Mise Áine said...

Cheap mé féin go raibh trí cinn ann ar dtús, ach ansin chuaigh mé trasna an bhóthair, agus chonaic mé go raibh níos mó ná tri asal ann, a fheara.

@Asal/Miúil

Glacaim leis gur asail iad uilig, ach ni saineolai mé, a Sheáin..:-)

Geabstaire said...

Trí asal agus dhá shearrach?

Mise Áine said...

@ Geabstaire

Glacfaidh mé le comhairle an tsaineolaí, a Nuala..;-)

Mise Áine said...

@ dhá shearrach

Ach, ceithre asal agus searrach amháin, cheap mé féin...