Tuesday, September 10, 2013

Glaoch Rolla!


Ceann folamh agus...

ceann folamh eile.

Sí an cheist atá ag an mbean seo ná 'Cén fáth?' Ach, arsa mé féin liom féin, b'fhéidir go bhfuil fir, ahem, eile amuigh ansin nach bhfuil in ann an, ahem, glaoch rolla a fhreagairt. 

Ar an ábhar sin, agus ó tharla gur, ahem, bean chuidiúil mé, chuaigh mé ar thóir eolais ar bhur son, a fheara, agus seo chugaibh físeán a d'aimsigh mé ar YouTube, le cuidiú libh. 

Roll Up! Roll Up! 

5 comments:

ormondo said...

Dar liom, bhí an rolla curtha go han-néata ar fad ar an mbarra sa scannán. Agus bíonn na boscaí bruscair siúd sa leithreas go han-bheag ar fad - is deacair an béal a aimsiú, is fearr don fhear gan é a thriail an chéad lá riamh...

Mise Áine said...

@ is fearr don fhear gan é a thriail

Tuigim anois, a chara! Ar fhaitíos na bhfaitíos, atá ann, is dócha..:-)

Dennis King said...

An chéad uair eile beidh sibh ag iarraidh orainn an su íochán a ísliú freisin, is dócha.

Míshásta said...

Obair mná í an jab san - agus sin a bhfuil de.

Obair fir í an snámhbhuacaire a dheisiú.

Mise Áine said...

@ an suíochán a ísliú

Ní dóigh liom go mbeadh anáil (ná, ahem, aon cheo eile!) á coinneáil istigh ag bean ar bith, dá mbeadh sí ag súil lena leithéidí sin ó fhear ar bith, a Dennis..;-)

@ Míshásta

Earra, cá raibh tú le fada, a chara!? D'airigh mé uaim do, ahem, sheobhaineachas..:-)