Saturday, September 21, 2013

Fadó Fadó Fadó...

...nuair a bhí mise an-óg ar fad, bhí sé de nós againn, mar pháistí agus mar dhéagóirí, ceisteanna, ahem, tábhachtacha, a chur ar bhananaí. 
Bhfuil ceist agat dom?

Mura gcreideann sibh mé, gur féidir a leithéidí a dhéanamh, a léitheoirí, féach ar an leathanach seo, agus léigh an píosa faoin teideal 'How to ask a banana a question.' 
Céard í do cheist?

An dtabharfaidh Maigh Eo Corn Mhic Uidhir ar ais abhaile leo amárach, a bhanana?
 Cinnte dearfa, tabharfaidh...

Anois, an gá dom a thuilleadh a rá - an fhírinne ó chraiceann an bhanana-gan-bhréag, agus an bhratach chuí ar chúl an tí anseo ag mo Gharraíodóir!

Maigh Eo Abú!

2 comments:

ormondo said...

Agus fadó, fadó bhí sé de nós ag an teaghlach triall ar chontae Maigh Eo uair amháin sa bhliain ar an ábhar go raibh baint ag an gcontae sin le míorúilt éigin a tharla ní ba shia siar fós.

Ní fheadar anois cén mhiorúilt a bhíodh i gceist. Craobh na hÉireann sa bhliain 1951?

Go raibh lá miorúilteach eile ann amárach!

Mise Áine said...

Áiméan!