Wednesday, August 14, 2013

Scéilín na Scrúduithe

Bhí mé as baile le seachtain anuas. Bhain mé an-sult as mo chuid ama thiar i gCeantar na nOileán, i gCathair na Gaillimhe, agus as an leathlá a chaith mé i mBaile Átha Luain. Tuilleadh faoin eachtraíocht sin ar ball beag.

Idir an dá linn, agus ó tharla gurb é inniu an lá atá ann, lá na dtorthaí, lá na cinniúna do 56,000 mac léinn, mic léinn a rinne a gcuid staidéir - bhuel, cuid acu, pé scéal é! - agus a bheidh ag súil go bhfaighidh siad na marcanna atá tuillte acu, tá scéilín agus físeán le roinnt agam libh. 

Cuirim fainic oraibh anois, a léitheoirí, sula mbreathnóidh sibh ar an bhfíseán thuasluaite agus thíosaibhsithe - tá focail, ahem, mhóra le cloisteáil ón máthair bhocht! Tuigfidh cuid agaibh a cás.

An scéilín: tharla sé, agus mé thiar sa mbaile, go raibh mé féin agus cara liom ag labhairt faoin am a rinneamar féin an Ardteistiméireacht, blianta blianta fada ó shin. Chuir sé iontas orm a chloisteáil go dtagann tromchodladh aniar aduaidh uirthi, ó am go chéile, agus gurb í an bhrionglóid a bhíonn aici, i rith an tromchodlata, ná go bhfuil an Ardteist le déanamh aici fós, agus nach bhfuil a dóthain den tromléann déanta aici lena aghaidh; nach bhfuil sí ullmhaithe do na scrúduithe ar chor ar bith, mar a déarfá. 

Bhuel, tuigim a cás, mar is minic an bhrionglóid chéanna agam féin. Ní chuireann sé iontas ar bith ormsa a leithéid de bhrionglóid a bheith agam mar, ahem, ní raibh mo dhóthain foghlama déanta agam, gan dabht ar bith; agus bhí sé sin le léamh ar mo thorthaí, go deimhin. 

Pé scéal é, seo chugaibh an físeán thuasluaite. 

Chuir sé am m'ardteistiméireacht féin i gcuimhne dom. Tá na scoláirí bochta i mo smaointe ar maidin. Go n-éirí go geal leo uilig!

Roibéard san áireamh..;-)

No comments: