Sunday, August 25, 2013

Focail Féilire

Labhair go réidh, smaointe faoi réir. 

Talk slowly but think quickly. 

An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ar m'fhéilire deisce. 

Nílim céad faoin gcéad cinnte an ón mbíobla a tháinig an leagan Béarla ar dtús, ach bhí mé ag útamáil thart ar an idirlíon ar maidin agus tháinig mé ar an leagan Béarla anseo faoi Cowboy QuotesTá athfhriotail shuimiúla eile na mbuachaillí bó le léamh ar an suíomh sin, a léitheoirí, agus ní dóigh liom gur, ahemcaimiléireacht ach comhairliú atá i gceist le formhór mór acu. 

Is maith liom an ceann 'don't squat with your spurs on.' Tháinig mé ar an leagan Gaeilge seo a leanas sa leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal Comhairle, agus sí mo bharúil féin ná go bhfeileann an seanfhocal seo don athfhriotal Béarla sin thuas:

'Fainic na biríní géara,' a deireadh an púca agus é seo ag imeacht ar a dhroim.  

.i. É féin á stróiceadh ag na driseacha. 

Mo chuimhne, feicim go bhfuil Graifítí an Lae le léamh thall ar an mblag Rogha Gabriel anois - anonn libh, a chairde, agus bainigí sult astu! 

Jab maith á dhéanamh ar an suíomh sin ag Gabriel Rosenstock, agus ag Aonghus, éascaitheoir an tsuímh. Maith sibh, a fheara! 

4 comments:

Anonymous said...

Teanga mhall i gcloigeann glic

Mise Áine said...

Iontach, a chara! Maith thú..:-)

Unknown said...

Tá 'Ceol Go Deo' i 'gComhbhlagálaithe', go raibh míle maith agat, tá blag seo ar fheabhas ar fad!

Mise Áine said...

Go raibh maith agat! Ar scáth a chéile a mhairfimid, a chara an cheoil..;-)