Wednesday, July 10, 2013

Nósanna na mBlagálaithe

Bhuel, an bhfuil sé déanta agaibh fós, a léitheoirí? 

An bhfuil bhur ngrianghraf tógtha agaibh, agus seolta agaibh chuig an dream thall i Nós, don chomórtas atá a reáchtáil acu? Níl le déanamh agaibh ach 'grianghraf suimiúil a ghlacadh díbh féin agus sibh ag léamh NÓS in áit ar leith' - simplí, nach bhfuil! 

An n-aithníonn sibh aon duine sa ghrianghraf thuas, grianghraf a tógadh taobh amuigh d'fhoirgneamh Oideas Gael, i nGleann Cholm Cille, aréir? 

Sea, sin, ahem, Mise Áine ar chlé, Karen (Íomhá an Lae) i lár báire, agus Réaltán (Turas Ailse) ar dheis; Mike (Cainteoir Doofus) a bhí taobh thiar den cheamara - blagálaithe muid uilig, ag baint suilt as an gcraic agus as an aimsir álainn i nGleann Cholm Cille inné. 

Agus, bhíomar ag léamh Nós, ar ndóigh! 


Cá mbeidh tusa ag léamh do cheannsa, a léitheoir? 

Tá agat go dtí an 16 Lúnasa le d'iarracht a sheoladh chucu thall i Nós, ag comortas@nosmag.com; nó do ghrianghraf a chur chucu ar Twitter, nó a chur ar an leathanach Facebook atá acu, mar a rinne mise. 

Tuilleadh eolais faoin gcomórtas le fáil anseo

4 comments:

aonghus said...

D'aithin mé an bheirt a raibh aithne agam cheana orthu!

An fholt, tá's agat!

aonghus said...
This comment has been removed by a blog administrator.
Séamas Poncán said...

An bhfuil aon chóipeanna de An Gael fós acu sa siopa leabhar ansin? Bhíodh, agus scéal faoin ngleann le Liam féin ann.

Mise Áine said...

Beidh Mike agus Karen ag teacht arís, a Aonghuis, agus cuirfidh tú aithne ar fholt nó dhó eile ansin, tá súil agam..:-)

@ Séamas

Ní fhaca mé iad, a Shéamais, ach ní hé sin le rá nach raibh siad ann. Bhí Liam ann, mar is iondúil..:-)