Thursday, July 18, 2013

Focail Féilire

Gallúnach don chorp, gáire don anam. 

What soap is to the body, laughter is to the soul. 


An leagan Gaeilge uaimse agus, más fíor an méid a léigh mé anseo, is seanfhocal Giúdaise é an leagan Béarla. Tá athfhriotail eile le léamh ag an nasc aibhsithe sin, mar a fheicfidh sibh, a léitheoirí, ach is maith liom an ceann seo thíos, ó Tom Bodett:


An optimist laughs to forget, a pessimist forgets to laugh. 

Bás an diúltachais beatha na dearfachta. 


Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha Gaeilge féin, a léitheoirí, más mian libh iad a roinnt linn anseo.


Tháinig mé ar na seanfhocail seo a leanas, faoin gceannteideal Greann, sa leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Is fearr ar banais ná ar tórramh. 

Is mór an óige ar dhuine a bheith gan céill tamall. 

Maireann croí éadrom i bhfad. 

Seachain an greann a ghortóidh créatúr eile.

Tá an gáire os cionn an chroí. 

2 comments:

stwidgie said...

Is breá liom an ceann seo: "Seachain an greann a ghortóidh créatúr eile." Nach é an chéad rud a thug mé faoi deara nuair a bhuail mé le Mike? :^)

Mise Áine said...

Agus, nach uasal é an fear céanna, a Kharen - ach an oiread leat féin, a chara..:-)

Iontach deas bualadh leis an mbeirt agaibh i nGleann Cholm Cille. Bhain mé sult nach beag as bhur gcomhluadar - Réaltán san áireamh!

Go dtí go gcasfar sinn ar a chéile arís, feicfidh mé sibh ar an mblagsféar..;-)