Friday, July 26, 2013

Do Mo Thástáil

Tharla sé go ndeachaigh mo charr tríd an TNC inné, agus seo mar a tharla - teip! Is mar gheall ar an rud seo, agus an rud seo amháin, a theip ar an gcarr:


Bhí an meicneoir san ionad iontach deas, agus mhol sé dom go raibh agam go dtí an 24 Lúnasa le caoi a chur ar an bhfadhb, agus go bhféadfainn an carr a thabhairt ar ais chuig an ionad, am ar bith roimh an dáta sin, agus ní bheadh aon chostas sa bhreis le híoc agam. Dá bhfágfainn é go dtí théis an 24 Lúnasa, bheadh tástáil iomlán le déanamh ar an gcarr arís, rud a chosnódh €55 eile. 

Bhuel, arsa mé féin liom féin, nuair atá an t-iarann dearg is cóir a bhualadh, agus isteach liom i mo charr arís, amach geata an ionaid, agus thiomáin mé giota soir/siar an bóthar, go bhfaca mé garáiste. Isteach liom sa siopa ann, agus d'fhiafraigh mé den Garage Attendant, a casadh orm, 

'Do you have power steering fluid?

'Over there...' arsa an fear cuidiúil, '...beside the oil.'

Anonn liom chuig an tseilf chuí. Diabhal power steering fluid ar bith a chonaic mé.    

'I can't find it.' arsa mé féin.

Shiúil an fear i mo threo, phioc suas buidéal ón tseilf, agus shín chugam é, le leamhgháire-an-fhir-atá-ag-breathnú-ar-óinseach ar a aghaidh, ag rá,

'Here you are.'


An bhfeiceann aon duine agaibhse power steering fluid scríofa aon áit ar an mbuidéal sin, a léitheoirí? Ní fheiceann? Ní fhaca, ahem, mise ach oiread. Pé scéal é, chreid mé eolaí na hola, agus chuir mé an automatic transmission fluid isteach i mo charr. Bhí mo dhiosca TNC agam taobh istigh de leathuair an chloig. 

Óinseach? Ní, ahem, dóigh liom é...

4 comments:

John said...

Hi Áine. Ar ais ag léamh na mblaganna, tar éis a bheith im' thost ar feadh písín. Deas a chloisteáil go bhfuair tú an Teastas, ach nár chóir go mbeadh an fluid sin tugtha faoi ndeara nuair a fuair tú an 'tseirbhís'? Caithim a rá nár chuala mé riamh faoin power steering fluid, ach b'fhéidir nach raibh power steering agam fós!!

Mise Áine said...

@ nár chóir go mbeadh an fluid sin tugtha faoi ndeara nuair a fuair tú an 'tseirbhís

Sin an smaoineamh a rith liom féin ag an am, a chara!

Beidh mé i nGaillimh go luath. Más ann duit, beidh cupán caife againn..:-)

John said...

Beidh mé ann an uair seo, le cúnamh Dé. Seachtain shaor an tseachtain seo chugainn, beidh mé ar ais i gCaerdydd ag cur críoch le mo thráchtas, faoi dheireadh thiar thall.

Cuir shout orm nuair a bheidh tú i nGaillimh. Tá cúpla caifé deasa aimsithe agam.

J

Mise Áine said...

Déanfaidh mé é sin, an chéad uair eile a bheidh mé thiar, a John..:-)