Sunday, July 21, 2013

Clóite nó Cloíte


Seanfhocail, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, le ceannteidil ón leabhar i gcló dubh:

Onóir

Ní íseal ná uasal ach thíos seal is thuas seal.

Ceird

Seal go maith is seal go dona. (Sochar is dochar na ceirde.)

Saol

Níl sa saol ach ceo, is ní mhaireann an ceo ach seal. 


Meas tú céard atá á rá ag Sióg s'againne? Is é an dóchas lia gach anró, b'fhéidir? Má mheathann ceann tiocfaidh ceann, b'fhéidir?

Ar ndóigh, b'fhéidir gur ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán! 

4 comments:

Unknown said...

TMAG. : )

Mise Áine said...

B'fhéidir go raibh Sióg ag gáire, freisin, a April!

Tá an cat sin go hiomlán craiceáilte, ..:-)

Séamas Poncán said...

Tá áthas orm An Gael a fheiscint i measc na n-irisí sin. Agus nach bhfuil Síóg ina suí air!

Mise Áine said...

..;-)