Tuesday, June 4, 2013

Focail Féilire

Tagann aois le ciall.

Age is whatever you think it is. You are as old as you think you are.

An leagan Béarla ó Muhammad Ali, agus an leagan Gaeilge uaimse. Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí.

Ó tharla mé ag tagairt d’aois, tháinig mé ar na seanfhocail seo a leanas, faoin gceannteideal ‘Aois,’ sa leabhar Seanfhocla Chonnacht

Is fearr a bheith liath ná leamh.

Nuair is óige an tslat is éasca a lúbadh.

Ní féidir ceann sicín a chur ar sheanchearc.

Níl fear dá láidre nach leagann an aois é.  

11 comments:

aonghus said...

Bhuel sílim gaois a bheith sa leagan Gaelach - ní thagann ciall roimh aois. Ní hionann agus go dtagann ciall le haois - tig le duine a bheith anonn sna blianta ach fós dúr!

aonghus said...

Ceann eile ó Chnuasach Dennis' http://www.sengoidelc.com/node/310


Ná meas m'eagna ar m'óige,
's go meallfainn fear féasóige;
mo chridhe gan baois im bruinn,
is sine ná m'aois m'fhoghluim.

aonghus said...

Ceann eile fós uaidh:
http://www.sengoidelc.com/node/307

Óg gach neach san aois óige,
óg arís gach seanóire;
óg deireadh aoise gach duine,
deireadh gach seanaoise óige.

Mise Áine said...

Is maith liom iad, a Aonghuis - grma, tú féin agus Dennis as iad a roinnt linn!

Séard a bhí i gceist agam leis an bhfocal sin 'ciall' ná an chiall a bhaineann an duine féin as a aois, mar a déarfá - an 'perception' úd a ligeann dúinn uilig muid féin a choinneáil in aois na hóige,nó a mhalairt, más mian linn..:-)

Bhí mé ag spraoi leis an seanleagan 'tagann ciall le haois' ag an am céanna. Ach, ní lia duine ná tuairim, agus bainfidh gach duine a, ahem, chiall féin as an nuafhocal, seans.

aonghus said...

Tá ciall leis sin!

I'd intinn t'aois, ab ea?

Mise Áine said...

Mo chuimhne, thug mé suntas do sheanfhocal eile sa leabhar sin Seanfhocla Chonnacht:

'Níl moladh le tabhairt d'fhear féasóige' agus bhí nóta faoi a dúirt 'Ná tugtar omós dó' (aiféala orm faoi sin!) ach é molta, freisin, go mb'fhéidir 'gur chóir 'mealladh' a léamh anseo;' - feicim gur 'meallfainn fear féasóige' atá agat sa dara trácht thuas.

Suimiúil, ó tharla é luaite sa leabhar, chomh maith céanna, 'tá meascadh idir 'mealladh' is 'moladh' in 4504'.

Mise Áine said...

@ I'd intinn t'aois, ab ea?

Go díreach! Creidim gurb é sin a bhí i gceist ag Muhammad Ali sa leagan Béarla - bhuel, sin an chiall a bhain mé féin as, pé scéal é..;-)

aonghus said...

Tá an t-ulchabhán seo meallta ansin ag an moladh uait!

Mise Áine said...

Fear óg an fheasa thú - fear feasóige , b'fhéidir: focal nuachumtha, i'd onóir, a chara..;-)

Unknown said...

Nuair is óige an tslat is éasca a lúbadh.>>>>>>

Tá a fhios agam go bhfuil an ceann thuas fíor. Taithí pearsanta, bíodh fhios agat. : )

Mise Áine said...

@ April

Tusa, agus go leor daoine eile, cheapfainn, a chara...