Wednesday, May 1, 2013

Neadió Teilifís Áine

Ó tharla go bhfuil ceamara infridhearg istigh sa teachín éan, agus go bhfuil an ceamara sin ceangailte againn le teilifís na cistine, agus go bhfuil mo cheamara féin dírithe ar an teilifís chéanna na laethanta seo, chinn mé go gcuirfinn mo chéad fhíseán ar YouTube, le go mbeadh deis agaibhse, a léitheoirí, an méid a fheicimse a fheiceáil. 

Bainigí sult as, a chairde!

5 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

laethe 'Blue Peter' m'óige ag teacht ar ais chugam anseo!

Anonymous said...

Maith thú! Iontach suimiúil an próiseas a fheiceáil agus mé in éad leat, mar níl aoinne ag tabhairt cuairte fós ar mo theachíní.

Mise Áine said...

I láthair na huaire, 9pm, tá an meantán mór ina codladh sa teachín, ach, ní ba luaithe, 8pm, ní mó ná sásta a bhí an meantán gorm nuair a tháinig sí le cleitì don nead, agus níor ligeadh isteach í!

Tá físeán don argóint déanta agam, agus beidh sé ar YouTube agam, ar ball, má éiríonn liom é a dhéanamh i gceart arís - fós ag foghlaim, rud nach bhfuil éasca, agus tuirse aerthurais orm!

ormondo said...

Tá sé ag féachaint go deas cluthar. Nár bhreá a bheith ina éinín istigh ann!

Dála an scéil, is ceiliúráin iad an bheirt acu anois agus físeán fúthu i youtube. Beidh ort preasráiteas a eisiúint thar a gceann nuair a thagann an ghlúin úr ar an saol.

Agus ceann eile ag deireadh an tséasúir nuair a théann siad as a chéile (go bhfuil meas acu fós ar a chéile agus go bhfuil fúthu fanacht ina gcairde etc etc - ceiliúráin, tá a fhios agat.)

Mise Áine said...

Tuigim, a Fhearghuis..;-)