Wednesday, April 3, 2013

Le Do Thaobh Ar an mBóthar

Sea, tá mé féin agus Seoirse ar an mbóthar arís, an bheirt againn, agus ár gcomhluadar, ar ár mbealach chuig an 42ú Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i gCeatharlach, áit a mbeidh ár n-amhrán, Le Do Thaobh, ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann, sa Chomórtas Amhrán Pan Cheilteach, ag 7.00 i.n. amárach, Déardaoin. 

Tá PDF de chlár na féile le fáil anseo agus, mar a fheicfidh sibh, tá clár iontach curtha le chéile ag coiste na féile, le ceiliúradh agus comóradh a dhéanamh ar chultúir, ar thraidisiúin agus ar theangacha na gCeilteach as An Bhriotáin, Éirinn, Albain, Corn na Breataine, An Bhreatain Bheag, agus An Mhanainn. Beidh ceol, damhsa, amhránaíocht, scéalaíocht, ceardlanna, ealaín, spórt, filíocht, cuideachta agus craic go leor ann. 

Táim ag súil go mór leis an gcraic uilig, a léitheoirí. Beidh mé ar ais libh ar ball beag. 

4 comments:

Eoin Ó Riain said...

Tá muid libh a Áine, fiú nach bhfuil muid le do thaobh! Ádh mór ón gCodú!

Séamas Poncán said...

Go n-éirí libh!

Dennis King said...

An bhfuil an t-amhrán le cloisteáil ar an idirlíon? Chuaigh mé go suíomh Sheoirse ach ní fhaca mé ansin é. Pé scéal é, bain sult as an bhFéile!

Unknown said...

Go n-éirí libh, a Áine! : )