Friday, April 19, 2013

I mBostún

I láthair na huaire, táim i mBostún, ag breathnú ar an teilifís, i gcistin mo dheirféar.

Táim anseo le lá breithe mór-le-rá a cheiliúradh le mo mhuintir, ach tá sé deacair aon cheo a cheiliúradh, agus mé ag breathnú ar an teilifís le roinnt laethanta anuas, aréir agus ar maidin.

Tá sé deacair na nithe seo a tharla a chreidiúint. Tá sé níos deacra fós iad a thuiscint.

4 comments:

Séamas Poncán said...
This comment has been removed by the author.
Séamas Poncán said...

Nár roghnaigh tú an uair is measa le bheith abhus i mBostún! Mór an trua, cinnte. Bígí slán. Agus bíodh ceiliúradh agaibh - ná géill an bua do na sceimhlitheoirí!

ormondo said...

Ar aon nós, tá an baol geall le bheith thart faoi seo.

Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as an gceiliúradh.

Ar eitil tú go díreach go Bostún féin?

Mise Áine said...

D'eitil, a Fhearghuis, agus bhain..:-)

@ Bígí slán @ bíodh ceiliúradh agaibh

Go raibh maith agat, a Shéamuis!