Monday, April 1, 2013

Ar Shála na Provos

Seans gur chuala cuid agaibh go raibh fadhb leis an Provo seo, ach tá carr nua eile ar na bacáin agus beidh sé linn, gan mhoill. Beidh an carr nua, an Carra, á sheoladh go luath.

An rud is suntasaí faoin gcarr nua seo ná go bhfuil sé dírithe ar an nGaeilgeoir; nó, b’fhéidir gur cirte dom a rá go bhfuil an carr seo dírithe ar an duine sin atá, ar a laghad, in ann Gaeilge a thuiscint. Aon áit sa charr a mbeadh Béarla le feiceáil go hiondúil, is focal nó focail Ghaeilge a bheidh le feiceáil i.e. ‘ola’ in áit ‘oil’- ‘km/su’ in áit ‘km/h’ – ‘SRBH’ in áit ‘SERV’ agus ‘CCF’ in áit ‘ABS,’ mar shampla.

Tagann loingsat iontach leis an gcarr nua. Tráthúil go leor, ‘AnSeo’ an t-ainm atá ar an loingsat, agus tá aipeanna go leor istigh leis cheana féin. Ceann a thaitníonn go mór liom féin ná an ceann a thugann deis duit an chanúint is fearr leat féin a roghnú, le go mbeidh tú in ann na treoracha a chloisteáil i nGaeilge, ar ndóigh, ach go mbeidh tú in ann iad a chloisteáil sa chanúint sin is fearr leat féin; agus is féidir leat glór mná nó glór fir a roghnú le bheith do threorú.

An mbeadh fear ar bith sásta glór mná a chloisteáil dá threorú? Ceist mhaith! Ach, bheadh an rogha sin aige, pé scéal é, agus is maith ann an comhionannas; rud a thuigeann déantóirí an chairr seo go maith, is cosúil.  

Tá triomadóir gruaige ionsuite ar an deais, agus chomh luath is a stopann an carr ag soilsí tráchta, mar shampla, tagann scáthán amach, go huathoibríoch, as an roth stiúrtha, díreach ar aghaidh an tiománaí. Ag an am ceannann céanna, osclaíonn drár beag amach ó lár an rotha stiúrtha, áit ar féidir le tiománaí a chuid/cuid smidigh, nó a chíor ghruaige, a fhágáil, le go mbeadh fáil aige/aici orthu, in am an riachtanais.

Ar ndóigh, tá sibh ann a déarfadh go bhfuil an carr seo dírithe ar mhná, ach go háirithe – agus ar lucht labhartha na Gaeilge - ach táim féin den bharúil go bhfeilfeadh an carr seo d’amadán ar bith, is cuma cén teanga a labhraíonn an t-amadán sin. 

5 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

cá bhfuil an meaisín caife?

Mise Áine said...

Ionsuite sa maide giaranna, ach cnaipe a bhrú:

giar 1 = le bainne
giar 2 = gan bainne
giar 3 = le siúcra srl.

Néidí said...

Comhghairdeas ní raibh a fhios agam. Tá do chuid filıochta ar fheabhas tuilte go maith agat

ormondo said...

"An mbeadh fear ar bith sásta glór mná a chloisteáil dá threorú?"

Ní hea ach dá "mhíthreorú", b'fhéidir (más... ahem buan mo chuimhne).

Mise Áine said...

@ Néidí

GRMA!

@ Ormondo

Firscéal eile..:-)