Tuesday, March 19, 2013

Neadió Teilifís Áine

Inné, tháinig meantán gorm chun tí...
Meas tú bhfuil éin-ne istigh?

Ní fheicim duine ná dreoilín ann...

...ná níl an cat féin le feiceáil in aon áit...

...ó,a dhiabhail! Cé hí sin thall?

Bhain mise agus mo cheamara geit as, is dócha, 'gus d'imigh sé leis; ach, díreach ina dhiaidh sin, tháinig an meantán mór, agus thosaigh sé ag, ahem, magadh faoin meantán gorm, ceapaim...
Meatachán buí thú, chan meantán gorm!

Ní fheicfidh sí mise taobh thiar den ghéag seo, muise...

Inniu, tháinig an meantán mór ar ais agus, cé go raibh sé gar do mo cheamara, ní raibh aon fhaitíos air, shíl mé...
Ní aithneoidh sí mé leis na spéaclaí gréine seo orm!

...ansin, anonn leis go dtí an teachín éan, agus bhreathnaigh sé isteach ann...
Nope, níl nead ar bith anseo fós.

...agus, ar ndóigh tá an ceart aige. Ah bhuel, beidh le feiceáil...

3 comments:

Míshásta said...

"Neadió Teilifís Áine"

agoa :)

Mise Áine said...

Sé John, thall ar a bhlag 'Faoi Cheilt,' a tháinig ar an ainm sin anuraidh, a Mhíshásta - fear cliste griannmhar greannmhar é John s'againne..:-)

stwidgie said...

"bhfuil éin-ne ann?" !! GOA
Tá meascán meanán agat a Áine