Saturday, March 30, 2013

Focail Liom Focail Leat

Táim ag leanúint ar aghaidh le m'fhocail nuachumtha, mar atá déanta agam cheana, a léitheoirí. 

Roghnaigh mé focal amháin eile as an bhfoclóir, agus d'athraigh mé é rud beag - litir amháin bainte amach, b'fhéidir, nó ceann sa bhreis curtha isteach agam, nó litir amháin athraithe, b'fhéidir.

Pé scéal é, fágfaidh mé fúibh féin é bhur gcinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfocal nua, agus faoin sainmhíniú nua atá tugtha agam don fhocal sin:

crámhaille/crámhaillí - barúil nó barúlacha a ghoillfeadh, nó a ghoilleann. 

Ní hionann scéal agus fírínne, go minic, mar sin b'fhéidir, in amanna, gur fearr gan scéal a dhéanamh de do bharúil, a léitheoir; mura bhfuil firscéalaíocht finscéalaíocht i gceist, ar ndóigh. 

Focal nuachumtha eile é firscéalaíocht, b'fhéidir. Ach, cén sainmhíniú a thabharfadh duine ar a leithéid, meas tú - scéal na míchéille?

Mo chuimhne, an bhfuil a fhios agaibh gur féidir anagram a fháil as an bhfocal 'Rámhaillí'? Sea, 'Rá a mhill í' a bheadh ann. 

Suimiúil, nach bhfuil...

6 comments:

Anonymous said...

Seo ceann duit: fíonaise; in vino veritas

Mise Áine said...

ASG! Is aoibhinn liom é - maith thú, a chara!

Beidh foclóir dár gcuid féin againn fós..:-)

Réaltán Ní Leannáin said...

firscéal nó fíonscéal? Nó an bhfuil aon rud sa difir?

Mise Áine said...

@an bhfuil aon rud sa difir

Ceist mhaith! Agus, is maith liom an focal nua sin 'fíonscéal' freisin..:-)

Anonymous said...

Má ta muid chun bheith ag spochadh as ár gcomhbhlagaithe, ar nós ‘firscéal/fíonaise’ cuimhnigh gur féidir leis an dá thaobh a leithéid a dhéanamh;
‘ban-fheis’ a bhí ann tráth, go dtí go raibh athrú ar chur chuige duine den lánúin. Sé atá againn anois, de réir dealraimh, mo léan, ná
‘bain-fheis’ gur rug sí léi an t-iomlán.
Ar ndóigh, níl i gceist agam anseo ach imirt focal, ach fainic bior mo phinn, mar is nimhneach mar bhior é.

Mise Áine said...

@ fainic bior mo phinn

Ag súil go mór leis, a chara! Is maith ann an dá thaobh de chuile scéal, bíodh 'fir' nó 'bain' ann, i mo thuairim féin..;-)