Tuesday, March 5, 2013

Ceardlann Scríbhneoireachta

Beidh Ceardlann do Scríbhneoirí Gaeilge ar siúl i mBéal Feirste ar an 23ú den mhí seo, in Ollscoil na Banríona. 

Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Scoil na Gaeilge agus na Ceiltíse atá á éagrú, agus beidh an cheardlann dírithe ar scríbhneoirí den uile chineál, idir óg, nua, foilsithe nó neamhfhoilsithe; ach a léiríonn go bhfuil cumas scríbhneoireachta acu. 

Más mian leat, nó aon duine ar d'aithne, bheith páirteach sa cheardlann, tá na sonraí uilig le léamh anseo, ach caithfear na samplaí saothair - gearrscéal/cúig nó sé de dhánta/mír as úrscéal - a sheoladh chuig Áine Ní Cholchúin roimh 14 Márta 2013.

Scéal le scaipeadh agus deis le tapú, a chairde. 

1 comment:

Néidí said...

Tá ceardlann ar siúl in Árainn freisin. Beidh Jackie macDonncha I bhfeighil air. Is aoibhinn liom ê. B'fhiú Aileach a léamh. Tá sé at fheabhas.