Sunday, February 17, 2013

Focail Féilire

Ní thréigeann dóchas tusa, tusa a thréigeann dóchas.  

Hope never abandons you, you abandon it.

An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ón bhfear seo, George Weinberg

Ar fhaitíos tuilleadh dóchais uaibh, a léitheoirí, seo chugaibh roinnt seanfhocal, faoin gceannteideal ‘Dóchas,’ as an leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Is é an dóchas lia gach anró.

Ní séideann gaoth as aer, nach dtéann sí i seol duine eicínt.

Thar éis gaoithe, tagann ciúntas.

Níor bádh ariamh a leath dá raibh i gcontúirt.  

Níl cath dá mhéid, nach síocháin a dheireadh.

Is é lár do leasa an uair is measa leat.

Nuair is mó an cruachás is ea is mó an cuidiú.

Béarfaidh bó eicínt lao eicínt, lá eicínt.

Is annamh a thig trá gan lánteacht mara ina dhiaidh.

Tagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne. 

6 comments:

ormondo said...

"Is é lár do leasa an uair is measa leat."

Is ceann casta caolchúiseach Connachtach an ceann seo a bhfuil an chuma air ar an gcéad radharc nach luíonn sé le réasún ach...
nuair atá duine ar bhuaic a réíme, téann gach bealach le fána.

Is dócha...

Mise Áine said...

Nó b'fhéidir gurb é the only way is up! atá i gceist leis, a Fhearghuis - sé sin le rá, nach b'fhéadfadh rudaí bheith níos measa?

Anonymous said...

Dóchas tréigthe? Tusa a thréigh!

Mise Áine said...

Go deas gonta pointeáilte, a SheanO..:-)

ormondo said...

Agus an nath thuas curtha droim ar ais agus bunoscionn go poiblí agam táimse ar an mbealach aníos anois... ;-)

Mise Áine said...

Go n-éirí leat, a Fhearghuis! Dóchas, a chara, dóchas..:-)