Sunday, January 6, 2013

Nathanna agus Nósanna na Nollag


Inniu Lá Nollaig na mBan, an lá deireanach de shéasúr na Nollag, an 6ú Eanáir. Déanann mná na tíre céiliúradh ar an lá seo, a deirtear anseo, mar gur ‘traidisiún iomlán Éireannach é…é mar bhealach chun lá saor óna gcuid cúraimí a thabhairt do mhná na tíre tar éis na Nollag.'

Aréir, bhí Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag ann, oíche a ‘lastar dhá choinneal déag sna fuinneoga ag seasamh do dhá lá dhéag na Nollag agus an lá arna mhárach tá an Nollaig thart go ceann bliana eile,’ mar a léigh mé anseo. Ní tharlaíonn traidisiún sin 'lasadh na gcoinnle' chuile áit, feictear dom, ach tharla sé i gConamara, agus mise ag fás aníos.

Tharla sé go raibh cara liom anseo i gCeann Scríbe aréir, agus luaigh sí liom go mbeadh an lá ag dul chun síneadh anois, ó tharla Nollaig na mBan anseo. An Rooster’s Step a thug sí ar fhad an ‘síneadh’ sin, nó fad coiscéim coiligh mar is fearr aithne ar an nath i nGaeilge - síneadh beag, oiread coiscéim coiligh, ag teacht ar an lá anois, deirtear; is ionann coiscéim coiligh agus ‘an imperceptible amount’ dar le Pota Focal.

Dar le Tomás Ó Máille in An Béal Beo, leathanach 34, ‘Bíonn fad ag tíocht ar an lá ó Lá Fhéile Fhionáin amach. Bíonn fad coiscéim coiligh ar charn aoiligh tagtha air Lá Fhéile Stiofáin.’  Tá Lá Fhéile Fhionáin ar an 21ú Nollaig, agus tá Lá Fhéile Stiofáin ar an 26ú Nollaig, ach, dar le Balor anseo, agus é ag cur síos ar an am seo den bhliain,

Tá an Nollaig thart agus Nollaig na mBan fós le teacht. Tá an oíche ag dul chun giorraithe agus an lá ag dul chun síneadh. Má tá coiscéim coiligh ar an lá idir an dá Nollaig, is áit inteacht i lár na coiscéime sin atá muid anois…

Cibé scéal é, seo Lá Chinn an Dá Lá Dhéag, agus tá an Nollaig thart inniu. Mar a scríobh Róislín, tá sé in am na maisiúcháin a chur i dtaisce, a léitheoirí. 

3 comments:

Néidí said...
This comment has been removed by the author.
ormondo said...

"Cock's Step" a chuala mise fadó; bhíodh sé ag mo sheanathair. An chéad síneadh suntasach a thagann ar an lá thart ar an am seo ba ea an tuiscint a bhí agam ar an téarma.

Mise Áine said...

'Coisméig coiligh' atá le cloisteáil i gConamara, agus tá an ceart agat, a Fhearghuis - baineann na nathanna, Béarla agus Gaeilge, leis an 'síneadh' sin.