Tuesday, January 1, 2013

Iarrachtaí Úra


Bhuel, seo muid arís, agus bliain úr eile romhainn – go maire sibh í, le sláinte agus le suaimhneas, a chairde!

Chaith mé súil siar ar an mblagmhír seo, mír a scríobh mé cúpla bliain ó shin, agus is dóigh liom gurb iad na dea-rúin chéanna a roghnóidh daoine i mbliana – go n-éirí go geal libh, más rud go bhfuil bhur rogha féin ar an liosta, a léitheoirí:

1. Jab níos fearr a fháil
2. Éirigh as rud éigin/gearradh siar ar rud éigin
3. Meáchan a chailleadh/dul ar aiste bia
4. Bheith níos sláintiúla/níos folláine/tuilleadh aclaíochta a     dhéanamh
5. Bheith níos eagraithe/bheith in am.
6. Níos mó ama a chaitheamh le do pháistí/mhuintir/chairde.
7. Fáil réidh le fiacha/airgead a shábháil
8. Rud éigin nua a fhoghlaim/dul ar ais ar scoil
9. Níos mó ama a chur ar leataobh duit féin/dul ar aistear
10. Cuidiú le daoine eile/dea-ghníomhartha a dhéanamh.

Mura bhfuil suim dá laghad agat sna dea-rúin sin, is féidir leat breathnú ar na  Resolutions You Would Be Tempted to Keep…atá luaite anseo.

Cibé bhur rogha, a léitheoirí, bainigí sult as an iarracht!  

5 comments:

Néidí said...

An n-éiríonn le héinne riamh?

ormondo said...

Is é mo bharúil go gcuireann dea-rún den chineál seo an iomarca brú ar dhuine. Ní túisce a thugann duine faoina leithéid ná go tagann fonn air cur ina choinne!

Néidí said...

Níl a fhios agam an bhfuil sé seo ag tarlúint,an bhfuil teachtaireachta faoi shiopadóireachta a fháil agat? Tá siad ag teacht chuig mo ríomhphoist

ormondo said...

Faighim ríomhphoist uaireanta ó mhná ón Rúis agus, cé nach mbíonn aithne agam orthu, maíonn siad go bhfuil siad saghas i ngrá liom, nó rud den chineál sin (agus is féidir go mbíonn díolachán de chineál éigin i gceist freisin...)

Ach ná bíodh éinne buartha; táim fós - mar a déarfadh an té a bhfuil an Ghaeilge is binne amuigh aige - ag imirt "crua-le-fáil".

;-)

Mise Áine said...

@ An n-éiríonn le héinne riamh?

Ní dóigh liom é. Bhuel, ní éiríonn liomsa, pé scéal é, a Néidí.

Maidir leis na teachtaireachtaí sin, faighim iad go rialta ó bhain mé an word verification den bhlag, ach téann siad isteach sa spam agus scriosaim iad.

@ Ní túisce a thugann duine faoina leithéid ná go tagann fonn air cur ina choinne!

Táim den bharúil go bhfuil an ceart agat, a Ormondo!

Agus, nach aoibhinn duit go bhfuil an oiread sin ban i ngrá leat, agus gan aithne agat orthu, fiú..;-)