Tuesday, January 8, 2013

Beannacht na Bliana Úire


Chuile bhliain, cuirim an phlaic Nollag sin thuas suas ar an mballa sa halla i gCeann Scríbe, agus chuile bhliain cuirim an cheist chéanna orm féin,

‘Céard is maitheas ann?’

B’fhéidir nach bhfuil freagra cinnte ann; go bhfuil cuspóir na maitheasa claonta, nó fiú teoiriciúil!

Pé scéal é, go dtéimid chun maitheasa, seachas chun olcais, a chairde!

5 comments:

aonghus said...

Bhí freagra ag Erich Kaestner.

Es gibt nichts Gutes, Ausser man tut es.

(Ní ann don rud maith, ach é a dhéanamh)

aonghus said...
This comment has been removed by the author.
Mise Áine said...

M'anam, ach sin ceann maith, a Aonghuis!

É sin ráite, más rud go bhfuil gníomh na maitheasa 'claonta,' abair, b'fhéidir nach rud maith atá ann, ach amháin i dtuairim an té a cheapann gur rud maith atá déanta aige nó aici!

aonghus said...

Bhuel, anois.

Mura bhfuil riail ann, ní ann don chlaonadh.

Sin comhrá eile ar fad.

Mise Áine said...

@ Mura bhfuil riail ann, ní ann don chlaonadh.

Hmmm...suimiúil. Tá rialacha ann, shílfeá, agus ní ag Daidi na Nollag amháin atá siad - nach bhfuil rialacha leagtha síos ag stáit agus ag eaglaisí éagsúla ar fud an domhain?

Agus, baineann daoine a dtuiscint féin as rialacha go minic i.e. cuireann siad a gclaonadh féin ar riail, ar mhaithe na maitheasa, mar a déarfá - ach cé a bhaineann tairbhe as an maitheas sin, más maitheas é, go deimhin!