Tuesday, November 13, 2012

Téigh ag Feadaíl?

Ag feadaíl uirthi/air, nó ag ligean fead uirthi/air, nó ag ligean fead ghlaice air/uirthi, na leaganacha cainte a bheadh le cloisteáil thiar i gConamara, chomh fada agus is eol dom, dá mbeadh aon wolf-whistle-áil á déanamh ag fear nó bean thiar ann.

Anois, tá sé blianta fada ó chuala mé féin aon duine ag ligean fead orm, ach cloisim feadaíl ag an mbiongó, ó am go chéile, am ar bith a scairtear amach an uimhir legs eleven, abair.  Ar ndóigh, d’fhéadfadh na legs chéanna a bheith ar fhear nó ar bhean, mar sin, bíonn na fir agus na mná araon ag feadaíl – tá’n comhionannas beo beathach ag an mbiongó, an dtuigeann sibh.

Pé scéal é, cail mé ag dul leis an rámhaille seo, arsa sibh féin libh féin, a léitheoirí, agus inseoidh mé daoibh anois díreach– is rabhadh atá sa mhír seo. Rabhadh agus rámhaille in aon mhír amháin – tá sibh millte agam!

Ar aon nós, seo an rabhadh – más fear thú, caithfidh tú stop a chur leis an wolf-whistle-áil sin anois díreach, nó b’fhéidir go mbeadh do phictiúr/d’ainm curtha ar shuíomh idirlín Hollaback na tíre seo, suíomh idirlín a bheas beo ón naoú lá déag den mhí seo, más fíor an méid a chuala mé ar chlár Ryan Tubridy inniu (11.14 go 39.10 nóiméad).

Aimee Doyle, duine de bhunaitheoirí an tsuímh, a bhí ag labhairt le Ryan ar an gclár, agus bhí éisteoir nó dhó ag roinnt a gcuid tuairimí, freisin. Is fiú éisteacht leo uilig, ceapaim féin:  an ‘street harassment’ nó ‘a load of cobblers’ atá i gceist; an córas ‘name and shame’ nó córas ‘draconian’ atá i gceist?

Cibé bhur mbarúil, seans go dtabharfaidh an comhrá, agus Hollaback, ábhar machnaimh dúinn uilig, a léitheoirí. 

3 comments:

aonghus said...

I ndeireadh na feide ....

John said...

ASG @ tá’n comhionannas beo beathach ag an mbiongó.

Nach bhfuil lucht an bhiongó thar a bheith nua-aimseartha!

Mise Áine said...

@ Aonghus

..;-)

@ John

Nach bhfuil, go deimhin!