Saturday, November 3, 2012

Oireachtas na Samhna 2012


Mothaím go bhfuilim i mo strainséir ar mo bhlag na laethanta seo, a léitheoirí, ach táim gnóthach, an dtuigeann sibh.

Tá cuairteoirí anseo i gCeann Scríbe ó bhí an Satharn seo caite ann, agus bím ar an mbóthar go Leitir Ceanainn, chuig Oireachtas na Samhna, luath chuile mhaidin ó thosaigh na himeachtaí; gan fáil agam ar mo ríomhaire, go dtí nach mbíonn uaim ach titim isteach i mo leaba, agus codladh na hoíche a tharraingt chugam féin.  

Ar ndóigh, ní féidir an dá thrá a fhreastal, agus feicim, ó liosta mo chomhbhlagálaithe thall ansin ar dheis, nach bhfuil siadsan díomhaoin, go deimhin. Beidh deis agam a míreanna uilig a léamh an tseachtain seo chugainn, agus b’fhéidir go mbeadh focal nó dhó le roinnt agam libh faoin Oireachtas, nuair a fhillfidh mé.  

Caithfidh mé bóthar a bhualadh anois, a chairde, mar go mbeidh an Scéalaíocht agus Agallamh Beirte & Sceitse srl., ag tosú luath go leor ar maidin, agus beidh dán nó dhó le haithris agam ag an gCúirt Filíochta ar ball.

Ina dhiaidh sin, beidh na Príomhchomórtais Rince Aonair romham, agus críochnóidh mo lá le Príomhchomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós – Corn Uí Riada. Aoibhneas! ♫♪♫♪♫♫♫♪

Ná bígí uaigneach i m’uireasa, a léitheoirí. Beidh mé ar ais libh gan mhoill. 

2 comments:

John said...

Ó ba bhreá liom a bheith ann, a Áine. Bhíos ag breathnú amach duit ar an gclár Rónán Beo a bhí á chraoladh ar shuíomh RnaG, ach faraor ní fhaca mé thú. Faraor duitse freisin, mar bhí Rónán ag tabhairt amach dearbháin do bhéilí deasa, agus gan ar na buaiteoirí ach barróg a thabhairt dó!

Mise Áine said...

M'anam, agus bhí mé ag caint leis, a John, ach diabhal barróg ná dearbhán a fuair mé!

Díreach ar ais sa mbaile anois. Beidh mé ag scríobh faoin Oireachtas go luath, a chara. Bhain mé an-sult as, agus casadh blagálaí nó dhó liom i mbliana, freisin..;-)