Friday, November 9, 2012

Oireachtas na Samhna 2012 - Na Seastáin


Cé nach bhfaighim deis cuairt a thabhairt orthu uilig, bainim sult as na seastáin, i Halla na Seastán, ag an Oireachtas. Tugann siad deis dom eolas a fháil ar scéimeanna nua, leabhair nua, táirgí nua agus mar sin de. 

Seo chugaibh cuid acu, agus is féidir tuilleadh eolais a fháil fúthu ach brú ar na nascanna idirlín atá aibhsithe i ngorm agam, faoi na grianghraif éagsúla seo a leanas: 



Tháinig mé ar na táirgí sin thuas ag seastáin siopacultúr.com, dream ag a bhfuil an siopa Gaeilge Cult Úr, in Ionad Siopadóireachta Cathrach Ard Mhacha, ar Shráid Thomáis in Ard Mhacha. Ar fhaitíos nach bhfuil sibh in ann an bhileog eolais sin thuas a léamh, seo mar atá scríofa acu:

Cuideachta theoranta phobalbhunaithe agus carthanas atá i CAIRDE Teo a bhíonn ag cur na Gaeilge chun cinn trí chártaí beannachta, bronntanais, éadaí, srl a tháirgeadh agus a dhíol agus trí thograí agus imeachtaí Gaeilge a eagrú i gcomhar le scoileanna, grúpaí pobail agus eagraíochtaí cultúir.

Ní hamháin gur cheannaigh mé na táirgí Gaeilge sin thuas, (agus cén chaoi a bhféadfainn bibe ‘Is mise Áine’ a fhágáil i mo dhiaidh!), ach cheannaigh mé cártaí na Nollag, agus páipéar beartán na Nollag uathu chomh maith. 


Níl sé i bhfad ó shin ó ghlac mé síntiús leis an iris Comhar. Chuir mé scairt fóin ar an oifig (bhí mé ar thóir an eagráin ar leith sin inar scríobh Máire Ní Fhinneadha a halt iontach suimiúil, Conair na nDriseacha – alt ar fiú é a léamh, i mo thuairimse, más rud go bhfuil suim agat i slánú na Gaeilge sna Gaeltachtaí éagsúla) agus bhí an Feidhmeannach Riaracháin agus Gnó san oifig, Elly Shaw, an-chuidiúil ar fad.

Dá bhrí sin, bhí áthas orm go raibh deis agam bualadh le hElly chuidiúil fhaisnéiseach ag seastán Comhar. D’inis sí dom faoi Comhar Óg, iris liteartha na n-óg, iris ina bhfoilseofar dhá eagrán le gearrscéalta, filíocht, ailt srl., ó dhaltaí iar-bhunscoile; an mhí seo agus i Márta na bliana seo chugainn.

Bronnfar duaiseanna agus íocfar táillí leo, mar sin scaip an scéal, a léitheoirí! Tuilleadh eolais ó iriscomhar@gmail.com


Bhí seastán ag an RCEF, an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann. Fuair mé a mbileog eolais, Cad é do Thuairimse?, bileog a insíonn dúinn go bhfuil an RCEF, atá faoi chúram an Aire Carál Ní Chuilín‘ag déanamh comhairliúchán poiblí’ le tuairimí á lorg acu ‘maidir lena straitéis dréachta le forbairt na Gaeilge a chosaint agus a fheabhsú.

Tá agaibh go dtí 27 Samhain 2012 teagmháil a dhéanamh le Foireann na Straitéisí Teanga ann (pdf 408 kb) le ‘freagairt a thabhairt ar an phróiseas comhairliúcháinnó scríobh ríomhphost chucu ag consultation@dcalni.gov.uk.

Fuair mé a leabhrán eolais, Líofa 2015, leabhrán ina bhfuil iarracht déanta ag an RCEF ar gach eolas a chur ar fáil ann maidir le ranganna agus cúrsaí Gaeilge atá ar fáil i dTuaisceart Éireann, le go mbeidh foghlaimeoirí na Gaeilge in ann bheith líofa faoin mbliain 2015, más mian leo. Is féidir clárú le Líofa anseo


Oideas Gael ar an bhfód le fada, ‘cúrsaí Gaeilge agus laetha saoire cultúrtha’ á gcur ar fáil acu le os cionn cúig bliana is fiche, creid é nó ná creid. D’fhreastail mé féin ar chúrsa nó dhó ann thar na blianta, go deimhin, agus bhain mé an-tairbhe astu. Is féidir clárú do na cúrsaí éagsúla anseo


Fuair mé an mála deas thuas ag seastán Bhord na Gaeilge/UCD, áit a raibh eolas ar Scéim Chónaithe Bhord na Gaeilge (pdf 5.78MB) le fáil ó Ailbhe álainn na gruaige rua.

Is scéim í Scéim Chónaithe Bhord na Gaeilge a bunaíodh ‘chun neartú agus tógáil a dhéanamh ar úsáid na teanga ar champas…Bíonn deis ag mic léinn de chuid réimsí éagsúla léinn maireachtáil agus obair le chéile as Gaeilge…Tairiscíonn Bord na Gaeilge 24 scoláireacht do mhic léinn atá líofa sa Ghaeilge agus a dteastaíonn uathu í a chur ar a aghaidh le tograí nua.

Más rud é go bhfuil aithne agaibh ar aon dalta ardteistiméireachta, nó fiú má tá aithne agaibh ar aon mhac léinn atá ag freastal ar Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath cheana féin, ar mhaith leis/léi iarratas a dhéanamh ar cheann de na scoláireachtaí seo, is féidir an fhoirm iarratais a fháil anseo


Lena bhfeachtas Glac Leis, deirtear ar a suíomh idirlín go bhfuil Conradh na Gaeilgeag cur daoine óga ar an eolas faoina gcearta teanga sa bhaile agus san Eoraip.’

Ar ndóigh tá Conradh na Gaeilge ag plé le cur chun cinn na Gaeilge le fada an lá, mar is eol dúinn, agus ceapaim féin go bhfuil an lámhleabhar thuas, a fuair mé óna seastán, an-tarraingteach ar fad. Deirtear ann go bhfuil ‘eolas sa lámhleabhar seo ar cén áit gur féidir an Ghaeilge a úsáid agus cén fáth gur chóir í a úsáid.’

Go deimhin, táim féin den bharúil nach ndéanfadh sé dochar ar bith dá mbeadh cóip den lámhleabhar seo ag chuile Ghaeilgeoir, le go dtuigfeadh siad an tábhacht a bhaineann le ‘úsáid’ na teanga; nach ‘labhairt’ amháin a thugann beatha di. 

*****
Bhí neart seastán eile ag an Oireachtas - Breacadh, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Coiscéim, t-léine.ie, An Siopa Leabhar, Raidió na Life - agus tuilleadh nach iad, ach ní raibh deis agam am a chaitheamh leo uilig. 

É sin ráite, tá tuilleadh le rá agam faoi abair.ie, scríobh.ie, nascanna.com; agus faoi roinnt rudaí eile a tharla ag Oireachtas na Samhna: na comórtais a chonaic mé, an Chúirt Filíochta, an clár teilifíse a chonaic mé, léacht nó dhó a chuala mé, seoladh nó dhó a tharla, duine nó dhó a casadh liom ann. 

Ar ball beag, a léitheoirí. Sos beag ag teastáil anois - uainn uilig!  

2 comments:

Dennis King said...

Is maith liom "Is rogha bheatha í an Ghaeilge"!

Mise Áine said...

Is mála deas é, a Dennis, agus chuidigh sé liom ábhar na seastán a iompar thart liom ag an Oireachtas!

Nuair a chonaic mé na focail 'rogha bheatha' sin, rith na focail 'rogha saoil' liom féin, caithfidh mé a rá..:-)