Friday, November 30, 2012

Men agus Half Men na Meán


Ní hé go mbím i mo shuí os comhair na teilifíse go minic, ach tharla sé go bhfaca mé an clár The Craig Doyle Show den chéad uair aréir, agus ina dhiaidh sin chonaic mé an chéad chlár de Irish Pictorial Weekly – clár a bhíodh ar an raidió, ach atá anois ar an teilifís, is cosúil.

Ó tharla go bhfuil mise ar dhuine de na daoine sin a bhfuil cuimhne aici ar Halls Pictorial Weekly, clár a bhíodh ar an teilifís fadó, fadó, fadó, bhí mé ag súil go mór leis an gclár nua, Irish Pictorial Weekly, agus bhain mé an-sult as, caithfidh mé a rá. Bhain sé gáire nó dhó nó trí asam, agus is féidir an clár a fheiceáil ar an RTÉ Player anseo, mura miste leat geansceitsí aoracha, ar ndóigh.  

Is féidir an clár The Craig Doyle Show a fheiceáil anseo, ach más rud nach maith leat eascaine a chloisteáil, nó má chuireann sofhriotal fearacht ‘man milk’ as duit, b’fhéidir gur fearr duit gan breathnú ar an gclár. 

Thaitin an clár go mór liom féin, agus bhí mé ag gáire go minic agus mé ag éisteacht leis na haíonna - Greg Davies (Inbetweeners) agus Greg Proops (Whose Line is it Anyway), gan trácht ar ionchur Craig é féin, agus Paddy, fear a thaispeáin bréagán nó dhó dúinn (11:00), - ina measc an Self Stirring Mug, creid é nó ná creid – bréagáin nach mbeidh le feiceáil ar an Late Late Toy Show anocht, a léitheoirí.

Pé scéal é, bhí Louis Walsh ar an gclár le Craig Doyle aréir, agus cé go bhfuil an scéal faoin gcaoi ar chaith an nuachtán The Sun le Louis cloiste go minic againn ó inné, bhí an dóigh a ndeachaigh an scéal i bhfeidhm ar an bhfear bocht le feiceáil go soiléir ar an gclár aréir.

Cé go bhfuilim go mór i bhfabhar saoirse an phreasa, ní thuigim cén chaoi gur féidir le haon nuachtáin scéal mar sin a fhoilsiú, nuair is léir, ón méid atá cloiste agus léite agam féin, nach raibh oiread na fríde d’fhírinne sa mhéid a chuir Leonard Watters i leith Louis Walsh. Cuireadh Watters chun príosúin, ach is é Louis Walsh atá thíos leis an eachtra uafásach seo - fear neamhchoireach a fuair buille nach raibh tuillte aige, buille a ghoilleann go mór air fós, mar is léir óna chaint thochtmhar ar an gclár aréir (20:00-28:00). 

Daoibhse a bhfuil suim agaibh sa chlár teilifíse Two and a Half Men, b’fhéidir gur mhaith libh an méid a dúirt an t-aisteoir Angus Jones (Jake ar an gclár) a léamh anseo, nó a chloisteáil anseo (7:29). Níor éist mé leis an bhfíseán ina iomláine, ach ceapaim go bhfuil Angus ag léamh an Bhíobla anois, agus go bhfuil Dia agus na Forerunner Chronicles go mór ina shaol ó shin.

Cibé scéal é, tar éis a ráiteas uilig ar an bhfíseán sin thuas, bheinn féin den bharúil go bhféadfadh fadhb nó dhó eile a bheith aige, mar aisteoir, amach anseo. Ní theitheann cú roimh chnámh. Coinnígí súil ghéar ar na meáin, a léitheoirí, ach coinnígí intinn oscailte ag an am céanna.   


2 comments:

Néidí said...

Ar an gcéad clár riamh den Graig Doyle show cheap siad go focal iontach greannmhar 'period'. Chaith siad an clár ar fad ag plé an cóir an focal seo a úsáid i measc an phobail agus anseo thosaigh siad ag gáire agus a rá, is a athrá.

Níl a fhios agam conas go féidir le héinne breathnú air

Mise Áine said...

B'shin an chéad uair a chonaic mé an clár, a Néidí, agus thug mé faoi deara gur daoine óga, den chuid is mó, a bhí sa lucht éisteachta.

B'fhacthas dom gur bhain siadsan sult as an gclár ach, mar aon le chuile chlár beo, is dóigh go mbíonn amanna ann nuair nach dtaitníonn an t-ábhar le gach duine.

Mar is eol duit, ní lia duine ná tuairim..:-)