Mo leagan féin den athfhriotal Béarla thíos, ceann a tháinig ó Frank Zappa, feictear dom.
Art is making something out of nothing and selling it.
M’anam, ach is minic mé i mo shuí ag mo ríomhaire, ag
líonadh an leathanaigh bháin, agus diabhal focal a dhíol mé riamh. Hmmm…
Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí, más rud go bhfuil leathanach bán os bhur gcomhair, agus gan a dhath eile le déanamh agaibh ach tabhairt faoin tada sin.
Mar is iondúil eile, agus ar fhaitíos aon mhíthuiscint, ní
bhfaighidh tú, ahem, pingin rua ar aon iarracht ealaíne a roinntear anseo.
2 comments:
N'fheadar faoi líonta
Ealaíon is ea rud a dhéanamh as faic agus é a dhíol.
@ N'fheadar faoi líonta
N'fheadar faoin rud ina iomláine, go deimhin, a Aonghuis!
Scríobh mé é, gan machnamh mar is ceart a dhéanamh air. Seans go dtiocfaidh mé ar leagan eile amach anseo.
Idir an dá linn, is maith liom do leagansa, a chara..:-)
Post a Comment