Friday, November 9, 2012

Focail Féilire


Tá a fhios againn uilig nach féidir linn an todhchaí a thuar, ach is féidir linn a bheith cúramach, nó a bheith níos cúramaí, b’fhéidir, le go mbeidh seans ann nach ndéanfaimid praiseach iomlán den saol; sa gcaoi nach mbeimid ag cac ar na huibheacha, mar a déarfá.  

Never test the depth of the water with both feet,  

an rud a bhí scríofa ar m’fhéilire maidin Dé Máirt. Is seanfhocal Afracach atá ann, feictear dom. Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí, ach an chéad leagan Gaeilge a rith liom féin ná,

Ná déan do theach ar an ngaineamh.

Seo chugaibh roinnt seanfhocal eile a fuair mé, ar an ábhar céanna, faoin gceannteideal Cinnteacht, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Bí ceart sula mbí tú dearfa.

Buail an tairne sa gceann.

Cuir an tsrathar ar an asal ceart.

Fearr a bheith cinnte ná caillte.

Is fearr a bheith siúráilte ná aiféalach.

Is fearr an breac atá sa dorn ná an breac atá san abhainn.

Is fearr glas ná aimhreas.

Má leanann tú lorg an chrú,
Ní rachaidh tú choíche amú.

Maidir leis an seanfhocal deireanach sin, agus dar leis an Ollamh Tomás Ó Máille, an fear a fuair céim PhD i 1939 ar an saothar as ar tháinig na seanfhocail thuasluaite, tá an méid seo scríofa aige,

‘Sa tseanaimsir, áit nach raibh bóthar ar an sliabh, bhíodh lorg crúite na mbeithíoch go soiléir, mar chosán.’

Agus, má chliseann ort ar bhóthar an tsléibhe, a léitheoir, ná bí buartha, mar tá seanfhocal Afracach eile agam duit, ón leathanach idirlín sin thuas,

Do not look where you fell, but where you slipped.

Is fearr suí gearr ná drochsheasamh, b’fhéidir?

8 comments:

aonghus said...

Is fearr réchonn ná iarchonn.

Mise Áine said...

Sea, sin ceann maith, a Aonghuis, agus is ceann é a bhí agam cheana, agus mé ag tagairt den athfhriotal 'you can't unscramble an egg' anseo.

April said...

Is maith liom ná seanfhocail Afracacha! Níor chuala mé iad ariamh roimhe seo, ach tá siad ar fheabhas!

GRMA as ucht iad a roinnt. : )

Mise Áine said...

Tá fáilte romhat, a April, agus tá fáilte romhat isteach, a chara!

Jennifer said...

Fuair mé dhá ceann iontach ansin- frása nua, 'ag cac ar na huibheacha' (*whew* is féidir liom a rá le coinsias soiléir nach ndearna mé sin aríamh!) agus 'Do not look where you fell, but where you slipped.'
Cá bhfuair tú é sin? Níor chuala mé ariamh é.Sin iontach cabhrasacht agus thought provoking dom.
go raibh míle, a Stór.

súil agam go bhfuil an saol rianúil agus soineanta sasta leat *

Réaltán Ní Leannáin said...

ag cac ar na huibheacha - tá ceann Spainnise ann, déanaim cac sa bhainne - agus ní gnáthbhainne atá i gceist ach oiread, ach bainne cíoch na Maighdine Muire....

Mise Áine said...

@ Jenninfer

Deas cloisteáil uait arís, a chara, agus tá ag éirí go maith liom, go raibh maith agat..:-)

@ Do not look where you fell, but where you slipped.

Tá an seanfhocal sin le fáil ar an suíomh quoteland.com, faoi African Proverb Quotes, nó brú ar na focail 'feictear dom' (aibhsithe i ngorm) sa mhír thuas.

Coinnigh ag dul ar do bhlag, a Jennifer. Bainim an-sult as.

Mise Áine said...

@ bainne cíoch na Maighdine Muire...

Bhabha! Ag foghlaim liom, a Réaltán..:-)