Saturday, November 10, 2012

Bréadú


Luadh é ar chlár Marian Finucane ar maidin, agus chuir sé iontas orm nár chuala mé iomrá roimhe sin ar an nós nuálach seo, ar a dtugtar ‘Meshing.'

Ón méid a léigh mé san alt sin, is cosúil gur nós é meshing a thosaigh i Meiriceá sé bliana ó shin: fir agus mná ag bréadú a sloinnte nuair a phósann siad, seachas duine amháin acu ag géilleadh do thraidisiún agus ag caitheamh uaithi an sloinne lenar rugadh í, is dócha. 

Go deimhin, fiú agus bean ag fáil réidh lena sloinne féin, ba shloinne é, go hiondúil, nár thug aitheantas dá laghad dá máthair féin, ná do shloinne mháthair na máthar sin, ach an oiread.

Níl fadhb agam féin le bréadú sloinnte, ach tá a fhios agam go rómhaith go mbeidh seanbhlas na dtraidisiúnaithe ardaithe ag an nós seo, mar nach dtuigeann siad, go minic, go mbíonn gá le traidisiúin nuálacha a chruthú, le comhionannas agus cearta daonna a chothú.

Nuair a léigh mé na tráchtanna ag bun an ailt sin ar an Mail Online, tháinig osna nó dhó as mo bhéal. É sin ráite, tháinig gáire nó dhó as mo bhéal, freisin - go háirithe nuair a léigh mé an ceann ón tráchtaire a dúirt go raibh aithne aici ar lánúin a rinne bréadú ar a sloinnte, Fudge agus Bucker, nuair a phós siad.   

7 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

ní traidisiún nua atá sa bhréadú sa Spáinn, ar ndóigh. Ní ghéilleann ceachtar den dís a sloinne in am an phósta, agus tugann siad sloinne an duine do na páistí.Bíonn dhá shloinnear gach duine sa Spáinn. Agus tá Spáinnigh a úsáideann an dá shloinne, agus tá Spáinnigh a úsáideann sloinne amháin den dá cheann a tugadh daofa. Lorca, mar shampla, an file, sloinne a mháthara a thóg sé. Agus má tá a lán airgid agat, seans go mbeidh moll mór sloinnte agat. An bheann is saibhre sa Spáinn, Duquesa de Alba, bain triail as í a ghúgláil...

Mise Áine said...

Neart sloinnte aici sin, go deimhin, a Réaltán!

An sloinne atá orm féin anois, sin é an sloinne a tugadh dom nuair a rugadh mé, agus bhí sé ar cheann de na sloinnte a tugadh do mo pháistí féin nuair a rugadh iad.

Tá, ar a laghad, rogha ag daoine anois, rud nach mbíodh fadó. Dá bhrí sin, tá seans níos fearr ann go scaoilfear le sean-nósanna patrarcacha...de réir a chéile.

ormondo said...

Ní fheadar an mbeadh na páistí ró-bhuíoch as an gcleachtadh nuálach seo. Tarlaíonn sé ar na saolta seo go minic go mbíonn na páistí níos coimeádaí ná na tuistí.

aonghus said...

rud nach mbíodh fadó.

N'fheadar faoi sin: nach raibh Conchubhair Mac Neasa ann fadó? ;-)

Athraíonn nósanna; ach is rud sách nua sloinne pé scéal é. Is breá liom an nós atá ag RnaG nuair a cailltear duine, gach leagan dá (h)ainm a thabhairt.

Roghnaigh mé bhean féin mo shloinne a ghlacadh seachas an sloinne dúbailte a bhí aici roimhe sin - sloinne beirt fhear a raibh a máthair pósta orthu seal, a hathair agus a leasathair.

Nósanna, nósanna ... agus maorlathas! Murach sin, ba chuma faoi sloinnte.

John said...

Bhréadaigh tuismitheoirí mo charad a sloinnte - ó Fitzpatrick agus Duff - go Fitzduff. I mo thuairimse, oibríonn sé mar shloinne 'nua' toisc go bhfuil cuma thraidisiúnta air. É sin ráite, chuir an t-ainm nua go leor brú ar mo chara agus a dheartháir. Bíonn daoine ag súil le 'fit stuff' nuair a bhuailtear leo ;)

Mise Áine said...

@ Ormondo

Piarbhrú, seans, a chuireann go mór leis an bhfadhb, a chara.

@ Aonghus

Ní bheidh fadhb ag RnaG le m'ainmse mar sin!

Mise Áine said...

@ fit stuff

ASG!