Friday, October 12, 2012

Trí Chéile

Níl a fhios agam an bhfaca aon duine agaibh an físeán seo, a léitheoirí – beirt chailíní, áit éigin i gCorcaigh, más fíor, agus iad ag cíoradh a chéile; ag troid lena chéile, mar a bheadh ainmhithe in adharca a chéile – ach chuir sé an-trí chéile orm ar maidin.

Níl a fhios agam cé hiad féin, ná fáth an chomhraic. Níl ar eolas agam faoin eachtra ach an méid a léigh mé faoi anseo ar maidin, ach chonaic mé an comhrac ar an bhfíseán úd thuasluaite, agus sin mo dhóthain.

Níl a fhios agam cén rud is mó a ghoill orm: an gáire ón lucht féachana, an ‘hit her!...hit her!’ ón lucht féachana, an ‘punch her!…pull her hair!..’ ón lucht féachana, an ‘I can’t see…’ ón lucht féachana, an ‘This is getting boring…’ ó dhuine den lucht féachana, na daoine a bhí i mbun taifeadta ar na fóin pócaí; nó an í aois an-óg na dtrodaithe agus an lucht féachana is mó a ghoill orm?
 
Níl a fhios agam cé acu, ach tá a fhios agam gur thiontaigh an físeán sin mo ghoile, agus gur ísligh sé mo mheanma nuair a chonaic mé é ar maidin. 

3 comments:

Néidí said...

Níl a fhios agam cén fáth gur bhreathnaigh mé air ach bhreathnaigh mé air fiú tar éis do chomhairle..

An rud is measa faoi domsa ná ní raibh siad ag iarraidh troda ach ní raibh a fhios acu céard le déanamh faoi. Ansin brúann cailín amháin an cailín eile isteach agus cuirtear tús leis. Cé nach bhfuil an cailín seo sa troid, sise an duine is measa ann, dar liom ach is mór an náire an rud ar fad.

John said...

Barbaracht cheart. Ó na trodairí... agus na voyeurs timpeall orthu.

Mise Áine said...

@ sise an duine is measa ann

Bhí a páirt aici sa scéal, gan dabht, a Néidí.

@ Barbaracht

Ní raibh aon cheanúlacht le feiceáil, sin cinnte, a John..:-(