Sunday, October 7, 2012

Pocpholaitíocht


B’fhéidir go bhfuilim tinn tuirseach ag éisteacht leo uilig, a léitheoirí, ach cuirim an cheist orm féin, ó am go chéile - go háirithe le seachtain anuas agus na focail ‘stroke politics’ á chloisteáil agus á léamh agam go rialta – meas tú an bhfuil aon pholaiteoir sa tír seo atá ag obair ar mhaithe leis an tír amháin, agus ní ar mhaithe leo féin nó ar mhaithe lena bpáirtí?

Níl ann, an dtuigeann sibh, ach go bhfuilim ag teacht ar an tuairim gurb éard atá uainn sa tír seo, le go dtiocfaimid slán sábháilte as an bpraiseach ina bhfuilimid, ná go mbeidh daoine sa Dáil againn a thabharfaidh tús áite do thodhchaí na tíre, agus ní dá dtodhchaí féin.

3 comments:

Dennis King said...

Sin téarma úrnua domsa, agus caithfidh mé a admháil nach dtuigim go maith é. Céard go díreach is “stroke politics” ann??

aonghus said...

Táimid ar fad poc-áilte.

(Stroke politics = pork barrel politics s'agaibhse Dennis.Leas an toghlaigh roimh leas an Stáit. Fónadh ar chairde a bhfuil airgead acu)

De bharr an córas againn níl aon bhealach thart air - toghtar fixers cion is go bhfuil an córas briste. Ach níl suim ag fixers an chóras a leigheas)

Mise Áine said...

@ Táimid ar fad poc-áilte.

ASG, a Aonghuis, mar sin é an smaoineamh a rith liom féin, freisin, creid é nó ná creid..;-)

@ téarma úrnua

Is liom féin an focal 'pocpholaitíocht' a Dennis, ach dar leis is Dictionary of Hiberno-English, séard atá sna stroke politics ná:

'HE term for political practice in which voters are coaxed with acts of dubious probity...'

Ach, tá sé mínithe go maith ag Aonghus, go deimhin!