Thursday, October 11, 2012

Íum Íum



Mionbhruar úll a thugaim ar an mias bhlasta sin thuas – bhuel, ceapaimse go bhfuil sí blasta, pé scéal é, agus ní bhíonn sí i bhfad as an oigheann sa teach seo, go mbíonn chuile ghreim di ite.

Níl baint ar bith ag blastacht na méise liomsa, mar chócaire, ó táim den bharúil go bhféadfadh aon duine an mhias seo a chur le chéile, gan stró. Bím i mbun ballaíochta agus na comhábhair á gcur le chéile agam, ach is mar seo a dhéanaim é, a bheag nó a mhór:

Meascaim le chéile,

plúr (speilt lánghráin) – leathchupán, nó mar sin.  
siúcra donn – leathchupán, nó níos lú má tá na húlla sách milis
cnó cócó triomaithe – leathchupán, nó mar sin
síolta lus na gréine – leathchupán, nó mar sin
síolta seasamain – leathchupán, nó mar sin
coirce lánghráin – lánchupan, nó mar sin
cainéal meilte – leath-thaespúnóg, nó mar sin
spíosraí measctha – leath-thaespúnóg, nó mar sin

Nuair atá an meascán thuas réidh, cuirim spúnóg ime, nó mar sin, isteach leis, agus cumascaim na comhábhair le mo mhéara, go mbíonn an meascán cosúil le conamar aráin.  

Ansin, grátálaim 6 úll. Fágaim féin an craiceann orthu agus mé á ngrátáil, ach ní bhainim úsáid as croí na n-úll, mar a thuigfeá, tá súil agam! Is fearr liom úlla milse a úsáid le nach mbeidh orm siúcra a chur leis an oideas ar chor ar bith.

Bíonn an mhias bealaithe agam, agus cuirim na húlla grátáilte isteach sa mhias ar dtús, ansin cuirim an meascán conamair anuas ar na húlla grátáilte, le go mbeidh siad clúdaithe go maith. Isteach san oigheann leis an iomlán ansin.  Bíonn an t-oigheann téite ag 190c, nó mar sin, agus fágaim an mionbhruar úll istigh ann ar feadh 40 nóiméad, nó mar sin.

Bíonn go leor de na 'nó mar sin’eanna ann agus mise ag bácáil, a léitheoirí, ach déanann siad cúis, muise! Le mias sách blasta os a gcomhair, ní bhíonn aon duine ag tormas ar a gcuid, go háirithe má bhíonn ocras orthu.

Is amanna, itear an mionbhruar seo mar mhilseog, le custard; in amanna eile, itear é mar bhricfeasta, le hiógart nádúrtha. Íum íum!

6 comments:

Dennis King said...

Íum íum? Neam neam!

Mise Áine said...

@ Íum íum?

'nó mar sin'..;-)

Dennis King said...

Nó mar sin?

Yum yum a scríobhtar i mBéarla. Miam miam a scríobhtar i bhFraincis. Neam neam a scríobhtar i nGaeilge. Ní mise a chum é!

Mise Áine said...

@ Neam neam a scríobhtar i nGaeilge. Ní mise a chum é!

Go deimhin, tuigim é sin go maith, a chara, ach bíonn m'oideas féin agam do nithe an t-saoil, go minic, agus ní bhíonn an t-oideas sin i gcónaí ag titim isteach leis an rud is iondúil, go háirithe mura dtaitníonn an rud 'is iondúil' liom..:-)

John said...

Úlla grátáilte... sin nod maith dom, GRMA.

Mise Áine said...

@ John

Ar oidis a chéile..;-)